Tarlaíonn rannpháirtíocht mhéadaithe i ngníomhaíochtaí
cultúrtha lasmuigh den scoil mar thoradh ar sholáthar ar scoil
Bíonn leanaí Éireannacha a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíochtaí
ealaíonta agus cultúrtha in ann obair scoile a láimhseáil níos fearr agus bíonn
dearcadh níos dearfaí acu maidir leis an scoil níos déanaí ina saol le hais na
leanaí sin nach mbíonn ag gabháil dóibh ar an mbealach céanna, dar le staidéar
ceannródaíoch de na chuid na Comhairle Ealaíon-ESRI.
Aithníodh sa staidéar, atá á fhoilsiú ag an gComhairle Ealaíon inniu, go
dtarlaíonn sé i gcás leanaí 9 mbliana d’aois a léann agus a fhreastalaíonn ar
ranganna ceoil, damhsa nó drámaíochta go minic go mbíonn ‘féiníomhá acadúil’
fheabhsaithe acu – nó muinín chun obair scoile a láimhseáil – faoin am a mbíonn
siad 13 bliana d’aois. Bíonn siad níos sásta freisin, ní bhíonn an oiread imní
orthu faoin saol, bíonn scileanna acadúla níos fearr acu agus bíonn níos lú deacrachtaí
soch-mhothúchánacha acu.
Meastar nuair a bhíonn leanaí ag féachaint ar an teilifís go mbíonn a
bhforbairt chognaíoch níos fearr ach go mbíonn níos mó deacrachtaí
soch-mhothúchánacha acu. Feabhsaíonn rannpháirtíocht chultúrtha níos gníomhaí
(e.g. léitheoireacht, gníomhaíochtaí cultúrtha struchtúrtha) féinleas agus
forbairt chognaíoch dar leis an staidéar seo.
Fuarthas amach freisin go mbíonn tionchar mór ag gníomhaíochtaí
cultúrtha iarscoile, cosúil le cóir agus grúpaí drámaíochta, ó thaobh spéis níos
leithne a chothú sna healaíona lasmuigh d’uaireanta scoile. Dar le torthaí an
tsuirbhé, is mó seans go mbeidh daoine óga a fhreastalaíonn ar scoileanna ina
dtairgtear ranganna drámaíochta ag léamh go minic lasmuigh den scoil. Tá an
méid teilifíse ar a mbítear ag breathnú níos ísle i scoileanna ina dtairgtear
cór nó damhsa, agus ní bhíonn leanaí a fhreastalaíonn ar scoileanna ina
soláthraítear ceol tar éis na scoile ag spraoi cluichí ríomhaire chomh minic
ach an oiread.
Tarraingítear ar shonraí in Ag Fás Aníos in Éirinn sa
mhórstaidéar seo, a rinne an ESRI thar ceann na Comhairle Ealaíon, agus iad ag
measúnú rannpháirtíocht sna healaíona agus rannpháirtíocht chultúrtha go
sonrach i measc leanaí 3, 5, 9 agus 13 bliana d’aois. Is
tionscnamh de chuid na Roinne Leanaí agus Gnóthaí Óige é Ag Fás Aníos in
Éirinn i gcomhar leis an Roinn Coimirce Sóisialaí agus an Phríomh-Oifig
Staidrimh. Tomhaistear sa staidéar tionchar rannpháirtíocht chultúrtha
agus na n-ealaíon ar fhorbairt chognaíoch agus ar fholláine mhothúchánach
leanaí agus daoine óga in Éirinn.
Tá difríochtaí móra ó thaobh inscne sna leibhéil
rannpháirtíochta sna healaíona i measc leanaí chomh hóg le trí bliana d’aois.
Bíonn na difríochtaí inscne sin le feiceáil i rith óige an linbh ar fad, agus
tairgtear níos mó gníomhaíochtaí ealaíon i scoileanna cailíní, agus bíonn níos
mó cailíní páirteach iontu tar éis scoile. Fuarthas
amach freisin go mbíonn tionchar mór ag cúlra socheacnamaíoch ar leibhéil
rannpháirtíochta, agus go gcruthaíonn ioncam teaghlaigh srian ar
rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí cultúrtha iarscoile freisin. Is mó seans atá
ann go mbeidh cailíní ag gabháil den léitheoireacht ná buachaillí, beag beann
ar a gcúlra socheacnamaíoch. Ina
theannta sin, bíonn cailíní chomh hóg le cúig bliana d’aois ag péinteáil, ag
tarraingt pictiúr, ag éisteacht le ceol nó ag damhsa níos mó ná mar a bhíonn
buachaillí ar comhaois leo.
Aithníodh difríochtaí i rátaí rannpháirtíochta thar
phobail sa tuarascáil, lena n-áirítear iad seo a leanas:
- Bíonn
leanaí as teaghlaigh atá níos mó faoi bhuntáiste ag léamh níos minice agus
seans níos mó ann go mbeidh siad ag gabháil do cheachtanna nó do chlubanna
cultúrtha struchtúrtha;
- I gcás teaghlaigh imirceacha a bhfuil leanaí óga acu, tagann an teanga
chun cinn mar bhac ar rannpháirtíocht sna healaíona.
- Bíonn teaghlaigh leanaí óga faoi mhíchumas ag gabháil do ghníomhaíochtaí
cultúrtha go minic. Mar sin féin, bíonn bac ar rannpháirtíocht ag 9 agus 13
bliana d’aois, agus níos lú leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu
rannpháirteach i ngníomhaíochtaí cultúrtha struchtúrtha.
Aithníodh roinnt torthaí suntasacha sa tuarascáil i
measc leanaí óga a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíochtaí cultúrtha, lena
n-áirítear:
- I
gcás leanaí idir 3 agus 5 bliana d’aois, mar thoradh ar léitheoireacht,
péinteáil, tarraingt, agus cuairteanna cultúrtha bhí níos lú deacrachtaí
soch-mhothúchánacha ag na leanaí;
- Nuair
a bhíonn tuismitheoirí ag léamh lena leanaí ag 3 bliana d’aois feictear feabhas
ar stór focal na leanaí sa 2 bhliain ina dhiaidh sin.
Ag labhairt di ag seoladh na tuarascála, dúirt Orlaith McBride,
Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon:
“Tá fuinneog mhór eolais oscailte amach sa staidéar
aitheanta seo dóibh sin inár measc a bhfuil spéis acu le fada an lá tuilleadh a
fháil amach faoin tionchar a bhíonn ag na healaíona agus ag an gcultúr ar
fhorbairt chognaíoch agus mhothúchánach ár ndaoine óga. Tá bonn fianaise láidir
againn anois a thugann léargas grinn dúinn ar rannpháirtíocht leanaí i raon
gníomhaíochtaí thar chomhthéacsanna éagsúla – sa bhaile, ar scoil agus sa
phobal – agus léiríonn sé go follasach nasc láidir idir rannpháirtíocht sna
healaíona agus i ngníomhaíochtaí cultúrtha agus folláine linbh.
“Ina theannta sin, tugtar sracfhéachaint uathúil dúinn
ar na bealaí beaga éagsúla a bhíonn ag leanaí agus ag daoine óga chun iad féin
a chur in iúl agus idirghníomhú le saol an chultúir. Go sainiúil, bhíomar ag
iarraidh rannpháirtíocht leanaí i gcultúr pobail a chur san áireamh, lena
n-áirítear féachaint ar an teilifís agus rannpháirtíocht dhigiteach, chomh
maith le rannpháirtíocht i gceachtanna ceoil, damhsa agus drámaíochta agus
léitheoireacht mar chaitheamh aimsire.
“Rud fíorspéisiúil ná an bealach a dtarraingítear aird
sa tuarascáil ar an gcaidreamh siombalach idir na healaíona agus ár gcórais
scoile. Taispeántar go mbíonn dearcadh níos fearr maidir leis an scoil má
bhítear ag gabháil níos mó do na healaíona, agus ag an am céanna go n-éiríonn
le scoileanna a chuireann na healaíona chun cinn go gníomhach spéis níos
leithne a chothú sna healaíona i measc a ndaltaí.”
Dúirt an Dr Emer Smyth, Ceann an Rannáin um Thaighde Sóisialta san ESRI:
“Ag tarraingt ar na sonraí breátha in Ag Fás Aníos
in Éirinn, taispeántar sa staidéar na leibhéil rannpháirtíochta a bhíonn ag
leanaí agus ag daoine óga anseo sna healaíona agus sa chultúr, agus tionchar na
rannpháirtíochta sin ar a saol ó lá go lá. Taispeántar go soiléir sna torthaí
an tionchar dearfach mothúchánach agus oideachasúil a bhíonn ag páirt a
ghlacadh i gcaitheamh aimsire ealaíne agus cultúrtha.
“Is léir go bhfuil difríochtaí móra inscne agus
ó thaobh cúlra sóisialta de i rannpháirtíocht chultúrtha i measc leanaí chomh
hóg le 3 bliana d’aois, rud a tharraingíonn aird ar an tábhacht atá le
gníomhaíochtaí cultúrtha a dhéanamh inrochtana do gach grúpa leanaí agus daoine
óga. Leis an síneadh a cuireadh ar an gclár um Chúram agus Oideachas na
Luathóige go dtí dhá bhliain tairgtear cumas mór d’ionaid luathbhlianta a
bheith mar bhealach tábhachtach le haghaidh rochtain leanaí ar na healaíona.
Bíonn íocaíocht de dhíth i gcás fhormhór na ngníomhaíochtaí cultúrtha
struchtúrtha a mbíonn leanaí rannpháirteach iontu lasmuigh den scoil, rud a
thugann le fios an tábhacht atá le fóirdheontais nó lascainí a thabhairt do
theaghlaigh faoi mhíbhuntáiste d’fhonn rannpháirtíocht níos uilechuimsithí sna
healaíona a chinntiú.”
Na Comhairle
Ealaíon-ESRI
←Fill ar ais go dtí an nuacht