Dúirt an Chomhairle Ealaíon inniu go dtairgfear sraith beart chun cuidiú le healaíontóirí agus le heagraíochtaí ealaíon a ngnóthaí a bhainistiú le linn ghéarchéim COVID-19.
Dúirt an ghníomhaireacht stáit atá freagrach as na healaíona a mhaoiniú agus a fhorbairt go gcomhlíonfar gach tiomantas maoinithe a rinneadh cé go meastar go mbeidh ar ealaíontóirí agus ar eagraíochtaí obair a chur ar ceal nó ar atráth. Dá bhrí sin, dúirt an Chomhairle Ealaíon gur cheart d’eagraíochtaí maoinithe tús áite a thabhairt dá n-íocaíochtaí féin d’ealaíontóirí.
“Ní ghearrfar pionóis airgeadais ar eagraíochtaí/dhaoine aonair nach féidir leo príomhghníomhaíochtaí/príomhsheirbhísí a sholáthar mar thoradh ar thionchar COVID-19,” a dúirt an Chomhairle Ealaíon.
Anuas air sin, dúirt an ghníomhaireacht go mbeadh deonaithe in ann tarraingt ar suas le 90 faoin gcéad dá maoiniú láithreach bonn le cuidiú leis na dúshláin sreafa airgid a d’fhéadfadh a bheith ag eagraíochtaí/daoine aonair.
“Ba cheart go gcuideodh sé seo leat na tiomantais airgeadais phráinneacha a chomhlíonadh agus iarraimid go dtabharfaí tús áite do na gealltanais atá agat nó agaibh le healaíontóirí – mar is tréimhse an-dúshlánach í seo dóibh,” a deirtear sa litir.
Dúirt an Chomhairle Ealaíon go ndéanfar gach beart chun na healaíona a chosaint ag cloí le comhairle Rialtas na hÉireann maidir le COVID-19.
“Táimid ag feidhmiú fós, agus is féidir teagmháil a dhéanamh linn mar is gnáth ar an bhfón nó le ríomhphost,” a dúradh i ráiteas.
Tá an téacs iomlán de litir a seoladh chuig roinnt eagraíochtaí maoinithe le fáil thíos.
críoch
A [ ], a chara,
Scríobhaim chugat i bhfianaise na gcúinsí eisceachtúla ina bhfuilimid uile anois mar thoradh ar COVID-19, agus le soiléireacht agus cinnteacht a thabhairt ar an scéal seo atá ag athrú gach lá.
Fuaireamar neart fiosrúchán le cúpla lá anuas maidir le cad ar cheart d’eagraíochtaí a dhéanamh faoi imeachtaí a chur ar ceal/ar athlá agus ionaid tionóil agus áiseanna a dhúnadh, etc. Molaimid go ndéanfá féin agus do bhord na cinntí sin de réir na treorach um shláinte poiblí a eisíonn Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, agus go ndíreofar ar shláinte agus slándáil na foirne, do chomhoibrithe, do phátrún agus an phobail i gcoitinne.
Molaimid go ndéanfadh eagraíochtaí an méid seo a leanas freisin:
• Comhlíonfaidh an Chomhairle Ealaíon gach tiomantas maoinithe a rinneadh leat/le d’eagraíocht
• Ní ghearrfar pionóis airgeadais ar eagraíochtaí/dhaoine aonair nach féidir leo príomhghníomhaíochtaí/príomhsheirbhísí a sholáthar mar thoradh ar thionchar COVID-19
• Tuigimid go bhfuil an seans ann go mbeidh deacrachtaí agat féin nó ag d’eagraíocht le sreabhadh airgid le linn na tréimhse seo, dá bharr sin beifear in ann tarraingt láithreach ar suas le 90% den mhaoiniú a gealladh. Ba cheart go gcuideodh sé seo leat na tiomantais airgeadais phráinneacha a chomhlíonadh agus iarraimid go dtabharfaí tús áite do na gealltanais atá agat nó agaibh le healaíontóirí – mar is tréimhse an-dúshlánach í seo dóibh.
• Ba mhian linn a dhearbhú do gach eagraíocht/duine aonair go gcuirfear na sonraí agus na figiúirí réamh-mheasta uile maidir le cláir, ioncam agus lucht féachana do 2020, a cuireadh ar fáil don Chomhairle Ealaíon san áireamh sa chomhthéacs seo.
Leanann an Chomhairle Ealaíon ag déanamh monatóireachta agus measúnú ar an scéal seo agus ar an tionchar a bheidh ag víreas COVID-19 agus fanfaimid i dteagmháil leat mar is cuí. Chuir an Chomhairle Ealaíon plean teagmhasach mionsonraithe i bhfeidhm ionas go mbeimid in ann ár bpríomhsheirbhísí a chur ar fáil ó chian, má bhíonn gá leis sin.
Idir an dá linn, táimid anseo ar fáil duit, mar a bhíonn i gcónaí, chun cuidiú agus tacaíocht a thabhairt.
Le meas,
Martin O’Sullivan
←Fill ar ais go dtí an nuacht