Tá comhpháirtíocht fhada ag an gComhairle Ealaíon le roinnt ollscoileanna Éireannacha chun poist mar Scríbhneoir Cónaithe/Comhaltacht a chur ar fáil d’fhonn deis a thabhairt do mhic léinn ollscoile atá i mbun clár MA agus MFA sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach oibriú le húdar gairmiúil a bhfuil meas air, agus d’fhonn deis a thabhairt do scríbhneoirí a saothar a fhorbairt fad is atá seasamh airgeadais réasúnta cobhsaí acu.
Bunaíodh scéim Scríbhneoir Cónaithe na Comhairle Ealaíon chun timpeallacht spreagthach a chur ar fáil don scríbhneoir cónaithe, agus chun roinnt tacaíocht airgeadais a sholáthar le díriú ar chleachtas an scríbhneora féin. Anuas air sin, cuireann an chónaitheacht fuinneamh agus spleodar leis an ollscoil, agus tugtar deis do na mic léinn teagmháil a dhéanamh le scríbhneoir atá i mbun na ceirde ar feadh dlúth-thréimhse.
Tá an tréimhse iarratais ar oscailt anois do na poist mar Scríbhneoir Cónaithe sna hollscoileanna seo a leanas:
Scríbhneoir Cónaithe na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
Scríbhneoir Cónaithe, OÉ Gaillimh
Comhaltacht Scríbhneora, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Scríbhneoir Cónaithe, Coláiste na hOllscoile Corcaigh
Scríbhneoir Cónaithe, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Scríbhneoir Cónaithe, Ollscoil Luimnigh
Ní mór do scríbhneoirí iarratas a dhéanamh go díreach leis an Ollscoil ábhartha. Is é an spriocdháta le haghaidh na bpost go léir 5.30 pm, Déardaoin, 29 Deireadh Fómhair 2020.
←Fill ar ais go dtí an nuacht