Áirítear ar mholtaí na tuarascála IS BREÁ A BHEITH BEO:
• ioncam, cánachas agus bearta soláthair airgeadais;
• oideachas agus tacaíochtaí oiliúna;
• tacaíochtaí teicneolaíochta;
• tacaíochtaí ar mhaithe le meabhairshláinte;
• bearta coimirce sóisialaí;
• bearta cóipchirte.
Chuir an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. fáilte inniu roimh fhoilsiú "IS BREÁ A BHEITH BEO", Tuarascáil Thascfhórsa Téarnaimh na nEalaíon agus an Chultúir.
Glactar go forleathan leis gur mó a chuir tionchar COVID-19 isteach ar earnáil na nEalaíon/an Chultúir le hais aon earnáil eile, agus mairfidh an tionchar sin níos faide chomh maith. Cuireadh stop le beagnach gach beart in iomaí cuid den earnáil agus de réir cosúlachta fágfar iad go dtí an deireadh sula gcuirfear tús arís leo.
Tá a chuid oibre tugtha chun críche ag an Tascfhórsa anois agus tá an tuarascáil curtha ar aghaidh ag Cathaoirleach an Tascfhórsa, Clare Duignan Uasal, chuig an Aire. Thug an Rialtas an méid sin le fios níos luaithe inniu. Is féidir an tuarascáil ar fad a fháil anseo.
Tá roinnt moltaí déanta ag an Tascfhórsa chun go mbeidh sé ar chumas na hearnála seo teacht tríd seo go dtí go n-osclaítear arís í. Áirítear air seo, mar a bheidh an earnáil ábalta ealaíontóirí agus an lucht oibre cruthaitheacha, teicniúil, léirithe agus tacaíochta níos leithe a choimeád, chun go mbeidh imeachtaí ealaíon, cultúir agus siamsaíochta ar fáil a mbeidh lucht spéise in Éirinn agus cuairteoirí ó thar lear ábalta sult a bhaint astu nuair a bheidh cúrsaí níos fearr. Cuireann na moltaí seo leis na tacaíochtaí móra a cuireadh ar fáil do na hearnálacha a raibh tionchar orthu i mBuiséad 2021 agus i Spreagadh mhí Iúil.
Áirítear sa tuarascáil moltaí ar bheartas agus ar phleanáil, ioncam, cánachas agus soláthar airgeadais, oideachas agus oiliúint agus tacaíochtaí teicneolaíochta, meabhairshláinte agus coimirce shóisialach, forbairt pobail agus ionchuimsiú sóisialta chomh maith le moltaí maidir le cúrsaí cóipchirt.
Trí aitheantas a thabhairt don luach a bhaineann leis an earnáil ealaíon agus cultúir sa sochaí, cuirtear bealaí ar fáil sa tuarascáil chun aitheantas agus tacaíocht a thabhairt do na taibhithe agus lucht cruthaitheachta céanna sin trí bhearta nua.
Laistigh de seo, aithnítear roinnt saincheisteanna agus réitigh sa tuarascáil faoi na téamaí a leanas:
• Téarnamh a Chinntiú;
• Teacht Aniar a Fhorbairt; &
• Aghaidh a Thabhairt ar atá Romhainn.
Ag trácht dí ar an tuarascáil, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D.:
“Cuirim fáilte mhór roimh an tuarascáil "IS BREÁ A BHEITH BEO" a chuir Tascfhórsa Téarnaimh na nEalaíon agus an Chultúir faoi bhráid agus gabhaim buíochas le gach aon chomhalta den Tascfhórsa as a gcuid ama, a gcuid saineolais agus as a dtiomantas ag tráth atá thar a bheith dúshlánach. Bhuail mé leis an Tascfhórsa agus é ag cur tús lena chuid oibre agus ba mhór an díol suntais dom tiomantas na gcomhaltaí mar aon le chomh tromchúiseach is atá an méid atá i ndán don earnáil Ealaíon agus Cultúir."
Tá sraith de mholtaí curtha i dtoll a chéile ag an Tascfhórsa maidir leis an mbealach is fearr is féidir le hearnáil na n-ealaíon agus an chultúir dul in oiriúint don damáiste gan fasach a d'eascair as paindéim COVID-19 agus teacht ar ais uaidh. Áirítear san earnáil na healaíona, cultúr, an tionscal closamhairc, an tionscal siamsaíochta beo agus tionscal na n-imeachtaí."
"Mar atá ráite agam go minic cheana, ba í an earnáil Ealaíon agus Cultúir an chéad earnáil a dúnadh agus beidh sí ar an earnáil deiridh a osclóidh in iomaí cás. Rachaidh an tuarascáil chun leasa go mór domsa agus do mo chuid comhghleacaithe sa Rialtas le linn dúinn a bheith ag scrúdú bealaí le hearnáil Ealaíon agus Cultúir a thabhairt as riocht atá thar a bheith deacair. Tugaim measúnú an Tascfhórsa ar thionchar phaindéim COVID-19 ar aird ach go háirithe, ní hamháin ar shlite beatha atá ann san earnáil ach ar ionchais ghairme daoine amach anseo, maidir le réimsí folláine agus tacar sainscileanna atá acu i láthair na huaire a chothabháil chomh maith le cúrsaí airgeadais. Tuigim go maith chomh mór agus atá an dúshlán atá romhainn agus na tosaíochtaí ar fad a bheidh ar an Rialtas aghaidh ar thabhairt orthu. Mar sin féin, tá ríméad orm go rabhamar in ann go dtí seo mar Rialtas, freagra a thabhairt maidir leis an iomaí saincheist a cuireadh béim orthu sa tuarascáil seo. Táimid ar fad in ann iarracht níos fearr a dhéanamh agus sin é go díreach atá beartaithe agam féin a dhéanamh."
Dúirt Cathaoirleach Thascfhórsa Téarnaimh na nEalaíon agus an Chultúir, Clare Duignan chomh maith:
"Is cúis áthais dom go bhfuil ár gcuid oibre tugtha chun críche agus go bhfuil an Tuarascáil "IS BREÁ A BHEITH BEO" curtha faoi bhráid an Aire ag Tascfhórsa Téarnaimh na nEalaíon agus an Chultúir. Ní mór dom buíochas ó chroí a ghlacadh le mo chomhghleacaithe ar an Tascfhórsa agus iad a mholadh go hard. Tá an oiread am curtha i leataobh agus an oiread déanta chun an tuarascáil a chur i dtoll a chéile agus tá an tuarascáil sin ar fáil anois lena léamh. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh chomh maith le duine ar bith a chur aighneachtaí ar aghaidh le linn na céime comhchomhairliúcháin lena chinntiú gur Tuarascáil í seo atá dírithe ar fhíricí agus atá cothrom.
"Mar atá ráite agam sa tuarascáil; tá stop curtha le beagnach gach gníomh san earnáil Ealaíon agus Cultúir. Braitheann marthanas, téarnamh agus inbhuanaitheacht na hearnála seo ar bheartas eacnamaíochta agus ar chinnteoireacht sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma. Creidim go mór go dtugann an tuarascáil seo an t-eolas don Rialtas atá de dhíth chun cuidiú leis an earnáil trí théarnamh na hearnála a chinntiú, tríd an teacht aniar atá san earnáil a fhorbairt agus an teacht aniar sin a neartú don todhchaí."
←Fill ar ais go dtí an nuacht