Céard is Fothaí Nuachta ann?
'Really Simple Syndication' (Sindeacáitiú Fíorshimplí) is brí le RSS, ar bealach é go bunúsach chun tú féin a choinneáil ar an eolas faoi ábhar a nuashonraítear go minic, gan a bheith ort cuairt a thabhairt ar shuíomh áirithe. Cuireann an Chomhairle Ealaíon fothaí RSS ar fáil le go mbeidh tú ar an eolas nuair a chuirfear ábhar nua leis an suíomh gréasáin. Nuair a líostálann tú le ceann de na fothaí RSS, beidh tú in ann na nuashonruithe is déanaí a fháil a luaithe is a fhoilsítear iad, gan ort dul chuig an suíomh.
News RSS Feed Publications RSS Feed
Conas a thosóidh mé ag úsáid fothaí?
Tá bogearra ar a dtugtar léitheoir nuachta de dhíth ort chun úsáid a bhaint as na fothaí ar an suíomh seo. Seiceálann sé sin na fothaí agus ligeann sé duit ailt nua a cuireadh leis a léamh. Tá léitheoirí RSS mar chuid de go leor brabhsálaithe anois. Chomh maith leis sin, is iomaí léitheoir RSS is féidir a íoslódáil agus a shuiteáil ar do ríomhaire.
Má chliceálann tú ar cheann de na cnaipí RSS thíos, beidh tú in ann liostáil leis an bhfotha ar bhealaí éagsúla. Is féidir URL an fhotha a tharraingt chuig an léitheoir nuachta, mar shampla, nó an URL sin a ghearradh agus a ghreamú isteach i bhfotha nua sa léitheoir nuachta.
Nuair a thugann tú cuairt ar shuíomh gréasáin, bíonn roinnt brabhsálaithe - Firefox, Opera agus Safari san áireamh - ag seiceáil go huathoibríoch an bhfuil fothaí ann nó nach bhfuil agus taispeántar deilbhín má aimsítear ceann. D’fhéadfadh sé bheith i bhfad níos éasca liostáil le fothaí dá bharr. Féach a suíomhanna gréasáin le haghaidh tuilleadh eolais fúthu sin.
Léitheoirí RSS atá comhtháite le brabhsálaí
Tá léitheoirí comhtháite RSS sa leagan is déanaí den bhrabhsálaí Firefox agus de Internet Explorer.
Léitheoirí RSS ar líne
Cuireann léitheoirí nuachta ar líne atá bunaithe ar bhrabhsálaí ar do chumas na fothaí RSS lena bhfuil tú liostáilte a léamh ar ríomhaire ar bith, mar tá siad comhtháite le do chuntas trí sholáthraí seirbhíse ar líne dála Google nó Yahoo!
Léitheoirí RSS is féidir a íoslódáil
Seo a leanas liosta léitheoirí RSS le haghaidh na n-ardán is coitianta