Iar gcríochnú an Athbhreithnithe ar Ionaid, a choimisiúnaigh Cumann Lucht Bainistíochta Contae agus Cathrach (CCMA) agus an Chomhairle Ealaíon i gcomhar lena chéile, tá an Chomhairle Ealaíon ag foilsiú Beartas agus Straitéis nua d’Ionaid Ealaíon 2019 mar bhonn eolais le treoirlínte a fhorbairt le haghaidh iarratas ar mhaoiniú do 2020.
Cé go bhfuil go leor de mholtaí an athbhreithnithe faoi réir plé agus próisis cur chun feidhme idir CCMA agus an Chomhairle Ealaíon sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ghníomhaigh an Chomhairle Ealaíon ar mholtaí ginearálta a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh i mbonneagar na n-ionad ealaíon chun freastal níos fearr a dhéanamh ar ealaíontóirí agus ar lucht féachana agus éisteachta, i gcomhréir le cuspóirí straitéiseacha na n-údarás áitiúil agus na Comhairle Ealaíon, mar atá léirithe sa Chreatlach don Chomhoibriú.
Beartas agus Straitéis na Comhairle Ealaíon le haghaidh Ionad Ealaíon 2019
Sa ghearrthéarma, mar bhealach chun a n-oibleagáidí féin a shonraítear ina straitéis, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh, a chomhlíonadh, d’fhoilsigh an Chomhairle Ealaíon a Beartas agus Straitéis le haghaidh Ionad Ealaíon 2019 is féidir a úsáid chun iarratais ar mhaoiniú in 2020 a shainiú. Is Beartas agus Straitéis ar leith é seo nach mbaineann le haon chomhstraitéis a d’fhéadfadh a bheith ann le CCMA amach anseo.
Tarraingítear ar roinnt de na moltaí a tháinig chun cinn san Athbhreithniú sa Bheartas agus Straitéis seo, ar féidir leis an gComhairle Ealaíon iad a chur i bhfeidhm ina clár maoinithe féin.
Bhí an t-athbhreithniú seo mar bhonn eolais dár n-uaillmhian chomhroinnte leis an rialtas áitiúil chun acmhainní a fháil le cuidiú le forbairt bonneagar d’ionaid ealaíon inbhuanaithe, a bhainistítear go gairmiúil, ar mhaithe le saothair a bhfuil nasc díreach acu lena bpobail, a tháirgeadh.
Tá príomhghnéithe an Bheartais agus na Straitéise ag brath ar an gcoinníoll go bhfaighidh an Chomhairle Ealaíon maoiniú breise suntasach ón rialtas láir i gCáinaisnéis 2019. Mar chuid de na príomhghnéithe seo tá infheistíocht bhreise dhíreach ón gComhairle Ealaíon chun táirgeadh réigiúnach a fhorbairt agus chun tacú le healaíontóirí.
Comhbheartais agus Straitéisí a thiocfaidh as an Athbhreithniú
Bhunaigh CCMA agus an Chomhairle Ealaíon comhghrúpa oibre a dhéanfaidh maoirseacht ar phlean chun moltaí áirithe ón Athbhreithniú a chur chun feidhme. Leanfar ar aghaidh leis an obair seo in 2019 agus in 2020 agus tá sí ina cuid den phlean oibre a tháinig chun cinn ón gCreatlach don Chomhoibriú (an comhstraitéis a foilsíodh in 2016).
Difríochtaí stairiúla i maoiniú
Tá difríochtaí i struchtúir mhaoinithe sa bhonneagar a tháinig chun cinn sna blianta ó tógadh an bonneagar i dtosach. Déantar tagairt do na difríochtaí sin san Athbhreithniú agus téitear i ngleic leo i bpróiseas plé le húdaráis áitiúla aonair thar thréimhse a mhairfidh suas le trí bliana.
Tá seasmhacht an bhonneagair a tógadh ríthábhachtach do CMMA agus iad ar an gcomhlacht ionadaíoch i gcomhair bainistíochta sa rialtas áitiúil. Tá an tseasmhacht seo ríthábhachtach do bheartas na Comhairle Ealaíon chomh maith, go háirithe i gcomhthéacs a beartais spásúlachta agus dhéimeagrafaigh, atá ag athrú de shíor, de réir mar a chuirtear in iúl sa Bheartas agus Straitéis le haghaidh Ionad Ealaíon 2019 agus in Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh.