Reáchtáladh an chéad Fhéile Traidphicnic in 2012 agus an aidhm a bhí aici ná féile ardchaighdeáin, ionchuimsitheach, ‘rochtain do chách’ a chur ar fáil agus ár dtraidisiún láidir, áitiúil sean-nóis a cheiliúradh ag an am céanna. Bíonn sé mar aidhm ag an gclár ceoltóirí traidisiúnta Éireannacha, iad siúd atá ag teacht chun cinn agus iad siúd a bhfuil cáil orthu, an Ghaeilge, agus clár amharc-ealaíon faoi fhorbairt a chur i láthair. Cruthaíonn pobal na féile an fhéile dó féin agus chuige sin, is clár ‘íoc an méid is féidir leat’ a chuirimid ar bun chun gur féidir leis an oiread daoine agus is féidir na healaíona a rochtain, agus taitneamh a bhaint astu
Tá coiste deonach ann mar fhoireann féile: Bridge Barker, Sara Howlin, Steve Sweeney agus Liam Collins a chónaíonn sa cheantar áitiúil, agus roinnt tacadóirí díograiseacha, áitiúla agus foireann d’oibrithe deonacha a thacaíonn leo.
Bítear in ann an fhéile a reáchtáil le tacaíocht ó mhaoinitheoirí poiblí agus tacadóirí áitiúla, agus ócáidí pobail tiomsaithe airgid agus sochar comhchineáil.
Cén tionchar a bhí ag géarchéim sláinte COVID-19 ar d’fhéile?
Tá neart ribí nua liatha gruaige againn ó bhliain seo an COVID-19! Ní raibh mórán ama againn pleananna a leagan amach. Mar thoradh air sin, bhí orainn ár gcroí, chomh maith le haiseolas ó ealaíontóirí a bhí curtha in áirithe agus freagraí ó chuid den dream a fhreastalaíonn ar an bhféile go rialta, a leanúint, agus bhí siad go léir ag iarraidh go leanfadh an fhéile ar aghaidh i bhformáid ar líne.
Níor cuireadh brú ar aon duine taibhiú, ach chuir aiseolas na n-ealaíontóirí agus a bhfonn rud éigin a dhéanamh go fóill ionadh orainn. Gan a fhios againn an n-oibreodh an rud a bhí á phleanáil againn, choinníomar orainn agus reáchtálamar Traidphicnic athshamhlaithe ar líne laistigh de shé seachtaine!
Chuireamar clár cumaisc ar siúl d’imeachtaí beo, digiteacha ag ar cuireadh an scaradh sóisialta i bhfeidhm. Sampla amháin dó sin ná Bus Céilí an Traidphicnic, a thug cuairt ar thrí theach áitiúla altranais ar feadh ‘Chois Fharraige’.
Bhí a dhúshláin féin ag baint lena eagrú, idir chúrsaí árachais agus phrótacail Covid. Ach reáchtáladh é agus glacadh go han-mhaith leis. D’fhíoraigh ár nOifigeach deonach Sábháilteachta/Covid 19, Mary Owens, aisling saoil dá cuid fiú nuair a chuaigh sí isteach ina ball den bhanna céilí Cogar agus tá sí ina sreangdhrumadóir neamhoifigiúil acu anois – ní raibh a fhios ag aon duine againn gur féidir léi druma a sheinm!
I ndiaidh na cuairte deireanaí ar theach altranais, rinneamar glaoch ‘seanaimseartha’ agus d’iarramar ‘An bhfuil sibh sa mbaile?’, as ar tháinig seisiún taobh an bhóthair – agus dúshláin damhsa ar an sean-nós mar chuid de. Gabháladh seo ar Facebook Live agus thugamar ár lucht féachana linn go digiteach don lá.
An raibh ról mór ag ábhar digiteach i d’fhéile roimh an ngéarchéim seo?
Táimid tiomanta d’imeachtaí beo go príomha. Tá cuid dár bhféilte le tamall de bhlianta anuas taifeadta againn i bhfoirm fuaime agus físeáin. Baineadh úsáid as na taifeadtaí sin go príomha chun críocha margaíochta. Ba mhaith linn roinnt tacaíochta a fháil sa réimse seo faoi dheireadh toisc go bhfuil súil againn go mbeimid in ann cartlann dhigiteach a chruthú amach anseo.
Cad iad na buntáistí/míbhuntáistí a bhaineann le saothair a chur i láthair sa chaoi seo?
Le blianta beaga anuas, ní raibh an chaoi ar chuireamar saothar cruthaitheach i láthair slachtmhar (ar fhóin phóca agus mar fhothaí beo den chuid is mó), ach ghlac ár lucht féachana go han-mhaith leis mar sin féin. Is breá lenár bpobal ar líne na fothaí beo agus is iondúil go mbíonn an-chuid teagmhála ar líne idir an lucht féachana, na healaíontóirí agus foireann na féile le linn na dtaibhithe craolta sin. An príomhbhuntáiste a bhaineann le saothar a chur i láthair sa chaoi sin ná gur féidir teagmháil a dhéanamh le daoine eile sa lucht féachana agus braistint muintearais a chruthú.
Maidir le míbhuntáistí de, cé gur féidir le hardáin ar líne braistint muintearais a chruthú, ní féidir leo teacht go hiomlán in áit bhraistint na dlúithe a bhaineann leis an taithí beo, go háirithe ag ár bhféile ag a gcuirtear “fáilte roimh bharróga”.
Cén bunús a bhí leis an gcinneadh a rinne tú le saothair chruthaitheacha a chur i láthair trí mheáin dhigiteacha?
Agus muid faoi iallach ag COVID-19, glacadh ár gcinneadh saothair a chur i láthair ar líne mar fhreagairt ar chúrsaí mar a raibh srian leo ag an am, chomh maith le fonn láidir rud éigin a dhéanamh go fóill. Mar gheall ar sholáthar neamhiontaofa idirlín, a mbíonn ina chúis le fothaí beo de dhroch-chaighdeán, chinneamar go han-luath go rabhamar ag iarraidh an fhéile a réamhthaifeadadh ach í a chur i láthair i gcaoi a mbeadh an chuma uirthi gur beo a bheadh sí, a oiread agus is féidir. Rinneadh í a réamhsceidealú agus a chur i láthair amhail is go raibh sí beo.
Reáchtáladh an fhéile ar feadh trí oíche [3–5 Iúil 2020], agus cuireadh trí chlár ceolchoirme i láthair. Rinneadh intreoracha a thaifeadadh agus fuarthas teachtaireachtaí físe, agus cuireadh le chéile iad leis na gigeanna. Athchruthaíodh ceantar Airdín Bhuí an Traidphicnic, a mbíonn fuadar oibre faoi de ghnáth, agus rinneadh clár ar leith.
Chuireamar turas digiteach bóthair le chéile freisin, a thóg an lucht féachana ar thuras digiteach ar ar bhuail siad le breis is 40 duine óg ar an mbealach agus ar a raibh teagmháil acu le ceol, amhránaíocht, damhsa agus filíocht ó chroílár Ghaeltacht Chonamara. Rinneadh cur síos air mar ghné “chroíúil agus éagsúil” agus gné “a chuir braistint áite agus pobail ar fáil”.
Cén chaoi ar ghlac an lucht féachana leis?
Fuaireamar freagairt an-mhaith ón lucht féachana maidir lenár bhfothaí beo agus dearbhaíodh leis an t-aiseolas a fuaireamar gur éirigh lenár n-iarracht píosaí scannánaíochta réamhthaifeadta a chur i láthair amhail is dá mba craoltaí beo iad.
Táimid ag obair ar thuairisc meán sóisialta a ullmhú faoi láthair. Le linn chraoladh ár dtaibhithe, braitheadh go raibh líon na ndaoine a bhí ag féachaint orthu beo íseal, ar an drochuair. Tháinig méadú ar líon na n-amharc i ndiaidh chraoladh na dtabhaithe, áfach, a thugann le fios gur tháinig daoine ar ais chun breathnú orthu agus go bhfuiltear fós ag breathnú orthu. Is iontach an rud é go bhfuil an fhéile ar líne seo againn anois agus gur féidir teagmháil a dhéanamh léi ag am ar bith.
Mar sin féin, bhí an-fhreagairt ann freisin maidir lenár dteagmháil beo leis an lucht féachana. Beidh cuimhní againn go deo ar an lúcháir a chuir an ceol ar aghaidheanna chónaitheoirí agus fhoirne na dtithe áitiúla altranais ar thugamar cuairt orthu agus cuireann an lúcháir sin béim ar an tábhacht a bhaineann le ceol, amhránaíocht agus damhsa i saol an duine.
Beag beann ar na srianta a bheidh i bhfeidhm, an dóigh leat go mbeidh tionchar ag do chlár in 2020 ar a gclár a phleanálfaidh tú do 2021?
Cá bhfios céard atá romhainn? Sílimid go ndeachamar in oiriúint go maith – am an-dúshlánach a bhí ann, ach mar fhocal dearfach, d’fhorbraíomar go leor scileanna nua ar an mbealach.
Tá súil againn go mbeimid in ann Traidphicnic beo a reáchtáil faoi Iúil 2021. Tá cuireadh tugtha againn do na healaíontóirí ar fad a bhí le páirt a ghlacadh in Traidphicnic 2020 (maoiniú ar feitheamh) a bheith beo linn an bhliain seo chugainn.
Beidh orainn fanacht le fáil amach céard a bheidh romhainn. Déanfaimid athmheasúnú agus rachaimid in oiriúint do chúrsaí mar a bheidh chomh maith agus is féidir linn.
I do thuairim, céard é a rud is mó a d’fhoghlaim tú ó eagrán 2020 den fhéile?
Foghlaimíodh go leor rudaí agus sealbhaíodh go leor scileanna nua. Bhí an-chuid oibre ag baint le gach rud a thabhairt le chéile agus bhí strus ag baint leis uaireanta. Éacht nach beag a bhí ann freagairt a fhorbairt, an fhéile a athshamhlú, smaoineamh as an nua agus Féile Traidphicnic a reáchtáil go digiteach laistigh de thréimhse sé seachtaine, agus teagmháil á déanamh lenár bpobal fisiciúil agus iad a chur san áireamh a oiread ab fhéidir (laistigh de shrianta COVID) anuas ar ár bpobal ar líne ag an am céanna. Ní hionann an t-uaigneas a bhaineann le bheith ag féachaint ar an bhfotha beo i do theach féin agus an fhíorfhéile, ach tá áthas orainn agus muid ar an eolas go ndearnamar ár ndícheall agus anois tá meabhrúchán deas againn agus taisceadán todhchaí den ré Covid ina bhfuilimid ag maireachtáil faoi láthair.
Tá na cláir ar fad ar fáil le breathnú orthu ar chainéal YouTube Traidphicnic agus Leathanach Facebook Fhéile Traidphicnic
Tá tuilleadh faisnéise faoi Fhéile Traidphicnic ar tradpicnic.com.