Is féile choimeádaithe bhliantúil d’ealaín bheo í an Fhéile Idirnáisiúnta Live Collision.
Cuirtear roinnt de na healaíontóirí is ceannródaíche dár linne, mar aon le guthanna nua agus an chéad ghlúin eile de chruthaitheoirí ón Eoraip, ón Ríocht Aontaithe agus ó Éirinn, agus a saothar iontach i láthair ar raon leathan ardán taibhithe agus digiteach mar chuid den fhéile. Cruthaíonn Live Collision spás chun triail radacach a dhéanamh, le teorainneacha a bhrú agus leis na gnásanna a nglactar leo a shárú. Déantar an ról lárnach a ghlacann lucht féachana i gcruthú ealaíon a cheiliúradh ag tabhairt cuirí iomadúla agus éagsúla thar thaibhithe beo, salóin, imeachtaí dioscúrsacha, imeachtaí eispéireasacha agus cóisirí. Nochtar ábhair amhail aicme, cine, caipitleachas, reitric pholaitiúil, imirce, meabhairshláinte, feimineachas, aitheantas, inscne, gnéasacht, rochtain, comhionannas agus díláithriú i gclár na féile (le cabhair ó ealaíontóirí & saothair ealaíon).
Facebook | Twitter | Instagram | Website
[Dáta uasluchtaithe: 22/04/20]
Cén tionchar a bhí ag géarchéim sláinte COVID-19 ar d’fhéile?
Bheartaíomar dátaí ár bhféile a chur ar athló mar fhreagra ar COVID-19. Is é sláinte agus sábháilteacht ár n-ealaíontóirí, fhoireann na féile, ár gcomhoibrithe, ár lucht féachana agus an phobail i gcoitinne ár dtosaíocht faoi láthair. Déanfaimid gach rud a athmhúnlú agus a athchóiriú ar ardáin taibhithe bheo agus dhigiteacha níos déanaí i mbliana. Idir an dá linn, iarraimid ar lucht féachana LCIF2020 a cheiliúradh linn ag tairiscint leagan digiteach den chlár féile a bhí beartaithe againn. Beidh leagan hibrideach den fhéile, dar teideal ELECTRIC DREAMS, an fhéile nach rabhthas in ann a reáchtáil, ar fáil ar ár suíomh gréasáin agus ar ár meáin shóisialta.
Cén ról a bhí ag ábhar digiteach i d’fhéile roimh an ngéarchéim seo? Cén bunús a bhí leis an gcinneadh a rinne tú le saothair chruthaitheacha a chur i láthair trí mheáin dhigiteacha?
Cuirtear saothair i láthair thar réimse ardán beo agus digiteach mar chuid den fhéile ó bunaíodh í. Tháinig athrú ar mo chleachtas mar Stiúrthóir Féile agus mar chruthaitheoir féile le 15 bhliain anuas le béim níos láidre a chur ar chóngaracht an lucht féachana do thaibhithe beo. Sa bhliain 2005, bhunaigh mé, in éineacht le Kate Craddock, an chéad chompántas taibhithe sa Ríocht Aontaithe a d’úsáid Skype agus teicneolaíocht eile tí mar ghné chomhtháite de chruthú agus de chur i láthair taibhithe beo. Chruthaíomar agus stiúramar ní ba mhó ná 25 saothar ar mheáin bheo agus dhigiteacha, chuireamar saothair i láthair in Whitechapel Gallery, Southbank Centre, LIFT, BAC, Northern Stage and Wunderbar Festival.
I mo thuairim féin, baineann i bhfad níos mó leis an modh seo ná nuacht agus meicníocht an spáis dhigitigh, ach éilítear orainn am, tíreolaíocht, achar agus dlúithe a fhiosrú agus ceist shuimiúil a chur, is é sin, ‘cad is taibhiú beo nó eispéireas taibhithe bheo ann - d’ealaíontóirí agus do lucht féachana araon’ — go háirithe nuair atá bearna fhisiciúil nó choincheapúil ann. Cuireann ardáin dhigiteacha spás oiriúnach leis na bearnaí agus na ceangail pholaitiúla, shóisialta agus chultúrtha a bhfuil tionchar ollmhór acu ar ár ndomhan comhaimseartha a fhiosrú. Déantar ealaín a iniúchadh trí réimsí éagsúla eolais agus foirmeacha agus cleachtais trasdisciplíneacha ar ardáin dhigiteacha trí Live Collision ag féachaint le comharthaí agus caidrimh nua a bhaineann le taibhiú a thabhairt isteach sa spás digiteach (le haghaidh féilte). Ag breathnú ar na gnéithe idirdhisciplíneacha a bhaineann go nádúrtha leis an taibhiú beo agus le cultúr físiúil; ag tabhairt cuireadh don lucht féachana céim a ghlacadh thar mheicníochtaí an spás dhigitigh, agus straitéisí nascachta a bhaint anuas mar mheicníocht leis an tsamhlaíocht a spreagadh agus an breathnú a chumasú le cur chuige criticiúil i leith ionadaíochta a fhorbairt agus le cumhacht a neamhspleáchais phearsanta agus a n-údarthachta ag eispéiris taibhithe bheo agus dhigiteacha a spreagadh.
Cén saghas ábhar digiteach atá beartaithe agat le haghaidh 2020?
Foilsíodh Féile Idirnáisiúnta Live Collision 2020 mar sholáthróir digiteach agus leanfaimid ag léiriú ealaíon le linn 2020 agus 2021 mar leagan hibrideach den fhéile dar teideal ELECTRIC DREAMS – a mbeidh taibhiú beo agus imeachtaí digiteacha foilsitheoireacht, podchraoltóireacht agus taibhithe a líonrófar/a shruthófar díreach chuig gléasanna móibíleacha pearsanta an lucht féachana mar chuid de – agus a reáchtálfar níos déanaí i mbliana. Leanfaimid ag ceistiú na dteorainneacha a bhaineann le ‘taibhiú beo’ le chéile in ELECTRIC DREAMS, leis na saothair bheo agus dhigiteacha a chuireann ealaíontóirí iontacha ár bhféile chun cinn, agus déanfaimid intinn ealaíne na féile, na n-ealaíontóirí agus an lucht féachana araon a cheiliúradh. Táim ag súil go mór leis an bhféile a athmhúnlú sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn, agus níl aon dabht ach go léireofar déine agus ardchaighdeán ealaíontóirí agus phobal ár bhféile sna foirmeacha nua sin, beag beann ar an gcuma atá orthu.
Cad iad na buntáistí/míbhuntáistí a bhaineann le saothair a chur i láthair sa chaoi seo?
Baineann an-tábhacht lenár gcuspóir mar dhéantóirí agus cruthaitheoirí - an chaoi agus an fáth a gcruthaímid ár saothair, agus is í an phríomhimní atá orainn an bealach a thugaimid cuireadh do lucht féachana agus léitheoireachta ár saothar agus ní torthaí ná truailliú an spáis dhigitigh. Féadfar ábhar na féile a chur faoi bhráid lucht féachana níos leithne ag cur na saothair i láthair ar ardáin dhigiteacha — sa tslí seo leathnaítear an cuireadh dóibh siúd atá suite in áiteanna iargúlta nó i gceantair i bhfad uainn. Anuas air sin, cuirtear deiseanna éagsúla agus modhanna rannpháirtíochta difriúla ar fáil do lucht féachana a bhfuil raon leathan spéiseanna acu nuair a chuirtear ár gclár féile ar fáil ar an mbealach seo.
Mar sin féin, creidim gur cheart go mbeadh an meas céanna againn ar an spás digiteach is atá againn ar amharclanna agus ar spásanna dánlainne - spásanna a mbaineann brí agus ciall leo go stairiúil. Ba cheart go mbeadh ról an lucht féachana agus an bealach ina dtéitear i ngleic le saothar ealaíne réamhbheartaithe agus sonrach d’fhoirm an léirithe. Bíonn tuairimí bunúsacha ag daoine faoi rochtain ar spásanna digiteacha agus is minic a smaoinítear go bhfuil siad níos daonlathaí go nádúrtha. Mar sin féin ní hamhlaidh an scéal i gcónaí, agus ní mór na tuairimí cultúrtha agus na pribhléidí a bhaineann le spás digiteach a cheistiú. Caithfidh ealaíontóirí, coimeádaithe, cláraitheoirí, coimisinéirí etc. dul i ngleic leis an bhfoirm ar bhealach criticiúil ionas go mbeidh an saothar mionchúiseach agus fiúntach i spás digiteach.
Cén ról a bheidh ag saothair dhigiteacha i d’fhéile amach anseo i do thuairim féin?
Tá saothair dhigiteacha i gcroílár ár gcláir féile agus leanfar leis an mbéim sin. Is é rún Live Collision ealaíontóirí agus lucht féachana a nascadh le líonra domhanda d’ealaíontóirí agus lucht féachana ar suim leo agus atá tógtha le spreagadh na féile. Cuirtear deis ar fáil dúinn, mar thoradh ar spásanna digiteacha, lucht féachana agus pobal áitiúil na féile a nascadh leis an bpobal i gcoitinne agus le comhthéacs níos leithne. Iarrtar orainn na laethanta seo scaradh óna chéile, is dúshlán a bhíonn do gach uile duine ina saol laethúil an t-achar a bhí eadrainn a shárú agus dlúithe a aimsiú ar spás digiteach. Caithimid am ag tomhas agus ag meas na straitéisí a nascaimid, a chuirimid i dteagmháil lena chéile agus a chuireann orainn smaoineamh ar nithe nach mbaineann linn - ag fáil amach faoin na teorainneacha atá againn féin maidir leis na heispéiris sin agus faoin mbealach ina mbreathnaímid ar mhodhanna nascachta digiteacha agus cé chomh maith is atá siad. Beidh tionchar ag na rudaí seo uile ar an mbealach ina nascfaimid amach anseo agus ar an gcaoi a roghnóimid agus a gcoimeádfaimid ár n-eispéiris chultúrtha sa todhchaí. Tá teanga, inniúlacht agus tuiscint dhigiteach á bhforbairt againn atá i bhfad níos cumhachtaí ná clisteacht na n-ardán digiteach, agus iad nasctha go díreach leis an riachtanas daonna atá againn agus taithí an saoil.
Tuigimid uile, níos doimhne ná riamh, gur gá ár bpobal áitiúil agus an pobal domhanda a chothú ag an am céanna. Bhí ról lárnach i gcónaí ag féilte ag múnlú agus ag bunú pobal agus iad bunaithe ar choincheapa, smaointe agus eispéiris. Múnlófar ár n-eispéiris aonair agus chomhchoiteanna leis an bhféile seo agus sílim go mbeidh tionchar ollmhór agus fadtéarmach ag an tréimhse seo orainn uile. Ar ndóigh, beidh tionchar ag an athrú sin ar an ealaín a chruthóimid, ar na creata agus na modhanna a dtéimid i ngleic leo, agus muid ag treabhadh ar aghaidh le teacht le chéile mar shochaí, mar phobal, mar ghlúin choiteann dár linne. Is iad na healaíontóirí na daoine is oiriúnaí leis na hathruithe seo a cheistiú agus leanfaimid ag fiosrú saothar digiteach le chéile le bealaí a aimsiú le bheith níos cóngaraí don eispéireas ‘beo’.
Téigh chuig www.livecollision.com le tuilleadh faisnéise a fháil maidir le clár agus tionscnaimh dhigiteacha na féile.