Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 21 Márta 2024 |
---|
Suim a dámhadh | €450,000 |
---|
Foirm ealaíne | Ceoldráma |
---|
Cineál lucht éisteachta | Gach |
---|
Comhoibriú | Yes |
---|
Teagmhálaí | Áine Kelly |
---|
Teileafón | 01 618 02 00 |
---|
ríomhphoist | aine.kelly@artscouncil.ie |
---|
Is éard atá i gceist leis an Dámhachtain do Thionscadail agus Léiriú Ceoldrámaíochta tacú le tionscnaimh cleachtóirí gairmiúla i bhforbairt agus i gcur i láthair ceoldráma ag trí chéim ar leith. Spreagfar saothar ar ardchaighdeán ealaíne a fhorbairt,
agus léirithe iomlána ceoldrámaíochta gairmiúla a mheallann an pobal, a chruthóidh deiseanna d’ealaíontóirí.
Tá trí bhanda maoinithe ar fáil a bhaineann leis an trí shraith den Dámhachtain do Thionscadail agus Léiriú Ceoldrámaíochta:
- Sraith 1: Tionscadail Cheoldrámaíochta: Forbairt: suas le €25,000 ar a mhéad
- Sraith 2: Tionscadail Cheoldrámaíochta: Cur i Láthair Forbartha agus léiriú iomlán ar scála níos lú: suas le €110,000 ar a mhéad
- Sraith 3: Léiriú na Ceoldrámaíochta: suas le €450,000 ar a mhéad
Tacaíochtaí
Rochtana
Má tá
tú faoi mhíchumas agus dá mba mhaith leat cúnamh chun iarratas a dhéanamh, déan
teagmháil lenár nOifigeach Rochtana a luaithe agus is féidir roimh an
spriocdháta.
Guthán:
Ríomhphost: access@artscouncil.ie
Beidh
tú in ann iarratas a dhéanamh ar chostais bhreise má tá riachtanais rochtana
agat a bhaineann le d’iarratas.
Tabhair
faoi deara: ní ghlacfar le hiarratais ach
amháin trí Shuíomh
Gréasáin na Seirbhísí ar Líne de chuid na Comhairle
Ealaíon. Murar úsáid tú Seirbhísí ar Líne cheana ní mór duit clárú le haghaidh
logáil isteach le bheith in ann iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú. Tá sé
tábhachtach go ndéanfaidh tú iarratas a luaithe agus is féidir go bharr go
bhféadfadh sé suas le cúig lá oibre a thógáil sula bpróiseálfar do chlárúchán.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na treoirlínte atá ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar tacaíochta éigeantach nach mór dul le d’iarratas. D’fhéadfaimis teimpléad a chur ar fáil don ábhar tacaíochta. Más ea, is féidir leat é a íoslódáil ón rannóg ábhar tacaíochta ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan d’ábhair thacaíochta a uaslódáil i bhfoirm leictreonach in éineacht le d’fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe cheana féin, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne chomh luath roimh an spriocdháta agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá a bheith i gceist chun do chlárú ar seirbhísí ar líne a phróiseáil.
Cabhair fós uait?
Liosta de cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne.
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú