Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 23 Eanáir 2025 |
---|
Suim a dámhadh | Gan teorainn |
---|
Foirm ealaíne | Ailtireacht, Amharclannaíocht, Camchuairte, Ceol, Ceoldráma, Daoine óga páistí agus na healaíona, Ionaid tionóil, Litríocht, Na físealaíona, Na healaíona rannpháirteachais, Na healaíona traidisiúnta, Rince, Scannán, Sorcas, Spectacle, Taibhiú sráide |
---|
Cineál lucht éisteachta | Gach |
---|
Comhoibriú | Yes |
---|
Teileafón | 01 618 0200 |
---|
Cuirtear fáilte roimh iarratais ar thograí a bhfuil sé mar aidhm acu maoiniú a fháil chun tacú le camchuairt saothair ar fud na réimsí foirm ealaíne agus cleachtais ealaíne le haghaidh camchuairteanna a bheidh ar siúl i bPoblacht na hÉireann agus a thosóidh in 2026.
Reáchtálfaimid clinic faisnéise ag 11r.n. Déardaoin, 12 Nollaig. Uaslódálfar taifeadadh den seisiún ar chainéal YouTube na Comhairle Ealaíon.
Cláraigh don Chlinic anseo.
Cuirtear
fáilte roimh iarratais ar thograí a bhfuil sé mar aidhm acu maoiniú a fháil
chun tacú le camchuairt saothair ar fud na réimsí foirm ealaíne agus cleachtais
ealaíne le haghaidh camchuairteanna a bheidh ar siúl i bPoblacht na hÉireann
agus a thosóidh in 2026.
Féach an Scéim Camchuairte Saothair 2026 – Treoirlínte Réamhphleanála d’Iarratasóirí le haghaidh sonraí faoin scéim lena n-áirítear tosaíochtaí, agus beidh fáil ar na treoirlínte sin ar an leathanach seo ó lár mhí na Nollag 2024.
Cad atá
athraithe don bhabhta seo?
- Tá
cuspóirí agus tosaíochtaí na dámhachtana seo ailínithe níos dlúithe againn le
straitéis na Comhairle Ealaíon, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh.
- Rinneamar
caighdeánú ar an ábhar tacaíochta éigeantach a theastaíonn ó gach iarratasóir –
tá roinnt eisceachtaí ann, mar sin, léigh an treoir seo go cúramach.
- Chuireamar réimse foirme ealaíne iarratais
nua leis (YPCE/AP/MDA). Iarratasóirí a chuireann béim ar leith ar
rannpháirtíocht sna healaíona nó ar Dhaoine Óga, Leanaí agus Oideachas, ba
cheart do na hiarratasóirí sin an rogha sin a roghnú mar a bpríomhréimse
foirme ealaíne.
- Tá ár bpróisis mheasúnaithe agus
chinnteoireachta ailínithe againn chun cloí le nós imeachta piarphainéil
na Comhairle Ealaíon.
Má tá aon
cheisteanna agat a bhaineann go sonrach le foirmeacha ealaíne nó le cleachtais
ealaíon, cuir ríomhphost chuig an bhfoireann ábhartha le do thoil. Tá na sonraí
teagmhála ar fad ar leathanach
Teagmhálacha shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na treoirlínte atá ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar tacaíochta éigeantach nach mór dul le d’iarratas. D’fhéadfaimis teimpléad a chur ar fáil don ábhar tacaíochta. Más ea, is féidir leat é a íoslódáil ón rannóg ábhar tacaíochta ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan d’ábhair thacaíochta a uaslódáil i bhfoirm leictreonach in éineacht le d’fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe cheana féin, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne chomh luath roimh an spriocdháta agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá a bheith i gceist chun do chlárú ar seirbhísí ar líne a phróiseáil.
Cabhair fós uait?
Liosta de cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne.
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú