Spriocdháta |
---|
Suim a dámhadh | €30,000 |
---|
Foirm ealaíne | Litríocht |
---|
Cineál lucht éisteachta | Ealaíontóir aonair |
---|
Tá na comhpháirtíochtaí sin ceaptha chun
• cur ar chumas scríbhneoirí cruthaitheacha a saothar a fhorbairt agus cobhsaíocht mheasartha airgeadais acu agus
• deis a thabhairt do mhic léinn ollscoile bualadh le scríbhneoir cleachtach agus scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta cruthaithí a fhorbairt leis/léi.
Tá an tréimhse iarratais ar oscailt anois do na poist mar Scríbhneoir Cónaithe sna hollscoileanna seo a leanas:
Scríbhneoir Cónaithe na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
Scríbhneoir Cónaithe, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
Scríbhneoir Cónaithe, Ollscoil Mhá Nuad
Scríbhneoir Cónaithe, OÉ Gaillimh
Comhaltacht Scríbhneora, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Scríbhneoir Cónaithe, Coláiste na hOllscoile Corcaigh
Scríbhneoir Cónaithe, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Ní mór do scríbhneoirí iarratas a dhéanamh go díreach leis an Ollscoil ábhartha. Is é an spriocdháta le haghaidh na bpost go léir 5.30 pm, Déardaoin, 3 Deireadh Fómhair.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na treoirlínte atá ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar tacaíochta éigeantach nach mór dul le d’iarratas. D’fhéadfaimis teimpléad a chur ar fáil don ábhar tacaíochta. Más ea, is féidir leat é a íoslódáil ón rannóg ábhar tacaíochta ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan d’ábhair thacaíochta a uaslódáil i bhfoirm leictreonach in éineacht le d’fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe cheana féin, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne chomh luath roimh an spriocdháta agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá a bheith i gceist chun do chlárú ar seirbhísí ar líne a phróiseáil.
Cabhair fós uait?
Liosta de cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne.
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú