Spriocdháta | 16:00, Dé Máirt 08 Deireadh Fómhair 2024 |
---|
Suim a dámhadh | €15,000 |
---|
Foirm ealaíne | Na healaíona rannpháirteachais |
---|
Cineál lucht éisteachta | Ealaíontóir aonair |
---|
Áisínteacht sheachtrach | Arts & Disability Ireland |
---|
Teileafón | 01 850 9002 |
---|
ríomhphoist | connect@adiarts.ie |
---|
Suíomh gréasáin | http://adiarts.ie/artists/funding/connect/ |
---|
Scéim atá ar fáil d’ealaíontóirí faoi mhíchumas a phléann le foirm ealaíne ar bith é Ceangal na nEalaíon agus an Mhíchumais (ADC)
Ceapadh an scéim chun tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí faoi mhíchumas le saothar úr uaillmhianach a chruthú. Tugann sé an deis d’ealaíontóirí na nithe seo a leanas a dhéanamh
- ceangal le cleachtóirí nó le hionaid eile;
- a gcleachtas a athrú;
- céim chun cinn’ a thógáil ó thaobh scóipe agus scála de;
- lucht leanúna nua a aimsiú agus dul i mbun meantóireachta agus oiliúna.
Tá an scéim á maoiniú ag an gComhairle Ealaíon agus á bainistiú ag Arts & Disability Ireland. Leantar ar aghaidh leis an ADC a chur in oiriúint do riachtanais na n-ealaíontóirí atá ina gcónaí i bPoblacht na hÉireann ar shlí a chomhlánaíonn deiseanna eile maoiniúcháin atá ar fáil.
Ceapadh Ceangal na nEalaíon agus an Mhíchumais mar fhreagairt ar riachtanais na hearnála i bPoblacht na hÉireann atá i mbun athrú agus de réir ghealltanais na Comhairle Ealaíon mar a shonraítear sa cháipéis dá cuid Arts and Disability (2012 – 2016): Arts Council Policy and Strategy (PDF, 3.98MB). Gabhann trí shraith mhaoiniúcháin le Ceangal na nEalaíon agus an Mhíchumais:
Ceangal na nEalaíon agus an Mhíchumais – Saothar Nua
- Dhá dhámhachtain suas le €15,000 an ceann
- Oireann sé seo d’ealaíontóirí atá ar an bhfód le tamall, a bhfuil tréanchuntas teiste acu ina gcleachtas gairmiúil agus ar mian leo oibriú le healaíontóirí agus le comhpháirtithe ealaíon chun saothar nua a chruthú agus chun saothar a chur i láthair in eagraíochtaí, in ionaid agus i bhféilte ealaíon bunaithe.
Ceangal na nEalaíon agus an Mhíchumais – Meantóireacht
- Cúig dhámhachtain suas le €2,000 an ceann
- Oireann sé seo d’ealaíontóirí atá ag céimeanna éagsúla dá bhforbairt ghairme, lena n-áirítear ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn, ar mian leo dul i mbun deiseanna meantóireachta.
Ceangal na nEalaíon agus an Mhíchumais – Oiliúint
- Trí dhámhachtain suas le €1,000 an ceann
- Oireann sé seo d’ealaíontóirí atá ag céimeanna éagsúla dá bhforbairt ghairme, lena n-áirítear ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn, ar mian leo dul i mbun forbairt ghairmiúil agus deiseanna foghlama eile.
An próiseas iarratais agus an spriocdháta
Is féidir na foirmeacha iarratais, na treoirlínte agus na cáipéisí faisnéise uile a íoslódáil anseo: www.adiarts.ie/connect
Ní mór foirm iarratais chomhlánaithe, mar aon leis an ábhar tacaíochta uile, a chur chuig connect@adiarts.ie. Caithfear WeTransfer a úsáid.
The application forms and guidelines are available in English upon request.
Tuilleadh faisnéise
Déan teagmháil le Arts & Disability Ireland ar 01 850 9002 nó cuir ríomhphost chuig connect@adiarts.ie