Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 01 Nollaig 2016 |
---|
Suim a dámhadh | Gan teorainn |
---|
Foirm ealaíne | Daoine óga páistí agus na healaíona |
---|
Cineál lucht éisteachta | Eagraíocht |
---|
Teagmhálaí | Karen Whelan |
---|
Teileafón | 01 6180 200 |
---|
ríomhphoist | karen.whelan@artscouncil.ie |
---|
Cuspóir
Is é cuspóir an Chiste Gníomhaíochta Cláir cabhrú le heagraíochtaí cleachta cláir ealaíne ar ardchaighdeán a chur ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga, cláir ealaíne ar ardchaighdeán de chuid leanaí agus daoine óga féin a chur ar fáil nó cláir ealaíne ar ardchaighdeán a chur ar fáil in éineacht le leanaí agus daoine óga ach iad a bheith ag teacht le beartas agus le tosaíochtaí straitéiseacha na Comhairle Ealaíon maidir le Daoine Óga, Leanaí agus Oideachas (DÓLO). Ní mór cláir a dhearadh agus a phleanáil ar bhealach a chinnteoidh go bhfaighidh gach sprioc-aoisghrúpa taithí ealaíne ar ardchaighdeán. Cuirfear tograí a dhírítear ar aoisghrúpaí ar leith ó bhreith go haois trí bliana is fiche san áireamh. Mar aon le gach dámhachtain ón gComhairle Ealaíon, agus mar a leagtar amach i gCuid 3 de na treoirlínte seo, beidh fiúntas ealaíonta agus indéantacht an chláir a bheartaítear mar chuid de phríomhchritéir mheasúnú na dtograí don Chiste Gníomhaíochta Cláir.
Tá an Chomhairle Ealaíon tar éis an méid seo a leanas a aithint mar thosaíochtaí straitéiseacha le haghaidh tacaíochta tríd an Ciste Gníomhaíochta Cláir in 2017:
- Cláir atá uaillmhianach ó thaobh ealaíne agus a bhfuil de chumas acu cur le forbairt leanúnach an chleachtais ealaíne agus soláthar do leanaí agus daoine óga in Éirinn.
- Cláir ina léirítear eolas agus tuiscint ar an sprioc-aoisghrúpa nó na sprioc-aoisghrúpaí, agus ina gcuimsítear straitéisí chun rannpháirtíocht daoine óga leis na healaíona a fhorbairt agus a fheabhsú.
- Cláir ina n-áirítear deiseanna do leanaí agus do dhaoine óga cur leis a gclár ealaíne agus eolas a dhéanamh dá phleanáil agus/nó a mheasúnú.
- Clár a léiríonn an chaoi a rachfar i bhfeidhm ar an sprioclucht féachana, agus, nuair is féidir ina n-áireofar straitéisí chun leanaí agus daoine óga ó chúlraí a mbaineann ilghnéitheacht shóisialta agus/nó chultúrtha leo a chumasú le bheith rannpháirteach.
Is ciste iomaíoch atá i gceist agus bronntar dámhachtainí ar bhonn aonuaire. Ní bhronnfar iad den dara huair.
Tá sé i gceist go gcuideodh an ciste le costais gné amháin nó níos mó de chlár ealaíne eagraíochta a bheidh ar siúl in 2017. Níl sé i gceist go dtabharfaí tacaíocht chun freastal ar phríomhchostas ná ar chostais leanúnacha oibriúcháin/riaracháin.
Níl eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú faoi aon cheann de phríomhchláir dheontais na Comhairle Ealaíon (Eagraíochtaí a Mhaoinítear Go Rialta, Maoiniú Bliantúil, Deontas le haghaidh Clár Bliantúil) i dteideal cur isteach ar na dámhachtainí.
Nótaí treorach
Tabhair faoi deara go mbeidh athruithe ann ar na nótaí treorach agus ar an bhfoirm iarratais don Chiste Gníomhaíochta Cláir don bhliain 2017. Déan cinnte de go léann tú iad sin go cúramach agus iarratas á dhéanamh agat. Is féidir leat na nótaí treorach a íoslódáil mar dhoiciméad Word i bhformáid mhór. Mura bhfeileann sé seo duit, déan teagmháil leis an gComhairle Ealaíon.
Iarrtar ar iarratasóirí na nótaí treorach a léamh go hiomlán roimh dóibh iarratas a dhéanamh.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na treoirlínte atá ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar tacaíochta éigeantach nach mór dul le d’iarratas. D’fhéadfaimis teimpléad a chur ar fáil don ábhar tacaíochta. Más ea, is féidir leat é a íoslódáil ón rannóg ábhar tacaíochta ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan d’ábhair thacaíochta a uaslódáil i bhfoirm leictreonach in éineacht le d’fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe cheana féin, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne chomh luath roimh an spriocdháta agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá a bheith i gceist chun do chlárú ar seirbhísí ar líne a phróiseáil.
Cabhair fós uait?
Liosta de cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne.
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú