Cuspóir na dámhachtana
Is i gceantar Soho i Nua-Eabhrac atá Location One agus tugann sé
tacaíocht do thurgnamhacht agus tá an eagraíocht dírithe ar an
gcomhchruinniú idir na hamharcealaíona, na taibhealaíona agus na
healaíona digiteacha.
Feidhmíonn Location One clár cónaitheachta
idirnáisiúnta lenar féidir le healaíontóirí cruthaithe agus leo siúd atá
ag teacht chun cinn triail a bhaint as foirmeacha nua léirithe ealaíne,
go háirithe iad siúd a bhaineann úsáid as teicneolaíochtaí nua.
Cuireann
an Chomhairle Ealaíon comhaltacht bhliantúil ar fáil dealaíontóir
amháin chun cur ar a c(h)umas páirt a ghlacadh sa chlár cónaitheachta
idirnáisiúnta ag Location One go ceann 5 mhí (Feabhra go Meitheamh
2013), chun a c(h)leachtas a fhorbairt agus chun saothar nua a chruthú. I
dteannta leis an tacaíocht agus leis na hacmhainní a chuireann Location
One ar fáil, cuimsítear eitiltí chuig Nua-Eabhrac agus ar ais, lóistín
agus cnuas faoi Chomhaltacht Location One na Comhairle Ealaíon freisin.
Seirbhísí ar líne
Tá suíomh Gréasáin seirbhísí ar líne
nua seolta ag an gComhairle Ealaíon. Ní mór gach iarratas a chur
isteach ar shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne. Is féidir leat réimse
leathan ábhair tacaíochta a uaslódáil i bhformáid leictreonach (suas le
20 MB san iomlán) i dteannta d’fhoirme iarratais.
Beidh an fhuinneog maidir le hiarratas a dhéanamh ar líne ar oscailt an 30/08/2012.
Caithfidh
tú clárú leis an suíomh nua sula mbeidh tú ábalta iarratas ar líne a
dhéanamh. Tharlódh go mbeidh suas le cúig lá oibre i gceist sula
ndearbhófar do chlárúcháin, mar sin tá sé an-tábhachtach go gclárófá
chomh luath agus is féidir. Cliceáil anseo chun clárú anois.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na treoirlínte atá ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar tacaíochta éigeantach nach mór dul le d’iarratas. D’fhéadfaimis teimpléad a chur ar fáil don ábhar tacaíochta. Más ea, is féidir leat é a íoslódáil ón rannóg ábhar tacaíochta ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan d’ábhair thacaíochta a uaslódáil i bhfoirm leictreonach in éineacht le d’fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe cheana féin, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne chomh luath roimh an spriocdháta agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá a bheith i gceist chun do chlárú ar seirbhísí ar líne a phróiseáil.
Cabhair fós uait?
Liosta de cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne.
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú