Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 13 Feabhra 2025 |
---|
Suim a dámhadh | €20,000 |
---|
Foirm ealaíne | Na físealaíona |
---|
Cineál lucht éisteachta | Ealaíontóir aonair |
---|
Teileafón | 01 6180 200/01 6180243 |
---|
ríomhphoist | awards@artscouncil.ie |
---|
Cuspóir na dámachtana
Is é cuspóir na dámhachtana tacú le healaíontóirí gairmiúla a gcleachtas ealaíne a fhorbairt. Tugtar am agus acmhainní leis an dámhachtain d’ealaíontóirí smaoineamh, taighde agus machnamh a dhéanamh agus chun dul i ngleic go criticiúil lena gcleachtas
ealaíne.
Tacaíochtaí
Rochtana
Má tá tú faoi mhíchumas agus dá mba mhaith leat cúnamh chun iarratas a dhéanamh, déan teagmháil lenár nOifigeach Rochtana a luaithe agus is féidir roimh an spriocdháta.
Guthán:
Ríomhphost: access@artscouncil.ie
Beidh tú in ann iarratas a dhéanamh ar chostais bhreise má tá riachtanais rochtana agat a bhaineann le d’iarratas.
Tabhair
faoi deara: ní ghlacfar le hiarratais ach amháin trí Shuíomh
Gréasáin na Seirbhísí ar Líne de chuid na Comhairle Ealaíon. Murar úsáid tú Seirbhísí ar Líne cheana ní mór duit clárú le haghaidh logáil isteach le bheith in ann iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú. Tá sé tábhachtach go ndéanfaidh tú iarratas a luaithe
agus is féidir go bharr go bhféadfadh sé suas le cúig lá oibre a thógáil sula bpróiseálfar do chlárúchán.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na treoirlínte atá ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar tacaíochta éigeantach nach mór dul le d’iarratas. D’fhéadfaimis teimpléad a chur ar fáil don ábhar tacaíochta. Más ea, is féidir leat é a íoslódáil ón rannóg ábhar tacaíochta ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan d’ábhair thacaíochta a uaslódáil i bhfoirm leictreonach in éineacht le d’fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe cheana féin, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne chomh luath roimh an spriocdháta agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá a bheith i gceist chun do chlárú ar seirbhísí ar líne a phróiseáil.
Cabhair fós uait?
Liosta de cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne.
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú