Suim a dámhadh | €13,000 |
---|
Cineál lucht éisteachta | Ealaíontóir aonair |
---|
Teagmhálaí | Karen Hennessy |
---|
Teileafón | 618 02 82 |
---|
ríomhphoist | karen.hennessy@artscouncil.ie |
---|
Post | Registrar Aosdána |
---|
Cuspóirí agus tosaíochtaí na dámhachtana
Is dámhachtain eisceachtúil é Dámhachtain Anthony Cronin a thairgtear i gcuimhne iarbhall bunaithe Aosdána, an file Anthony Cronin (1928–2016).
Is dámhachtain eisceachtúil é Dámhachtain Anthony Cronin a thairgtear i gcuimhne iarbhall bunaithe Aosdána, an file Anthony Cronin (1928–2016). Is féidir le scríbhneoirí a oibríonn i mBéarla nó i nGaeilge iarratas a dhéanamh ar Dhámhachtain Anthony Cronin. Is é príomhchuspóir na dámhachtana tacú le scríbhneoir atá i lár a g(h)airme agus a scríobhann saothar liteartha agus cur ar a c(h)umas tuilleadh scríbhneoireachta a fhorbairt. Chun críocha na dámhachtana seo, sainítear scríbhneoir i lár a g(h)airme mar dhuine ar foilsíodh, tráth an iarratais seo, a c(h)éad leabhar nó bhailiúchán.
Mar aon le ham a fháil chun a s(h)aothar a fhorbairt, tá cuspóir eile ag an dámhachtain, is é sin chun cur ar chumas an scríbhneora tabhairt faoi thaisteal nó cónaitheacht thar lear ag a rogha láthair ar mhaithe le taighde a dhéanamh chun saothar nua a fhorbairt agus chun cleachtas ealaíne a fhorbairt. Agus é sin a dhéanamh, tá sé i gceist go gcuirfeadh an dámhachtain ar chumas an scríbhneora a roghnófar gné idirnáisiúnta a g(h)airme agus a p(h)róifíle a fhorbairt.
Bronntar dámhachtain amháin i 2019.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na treoirlínte atá ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar tacaíochta éigeantach nach mór dul le d’iarratas. D’fhéadfaimis teimpléad a chur ar fáil don ábhar tacaíochta. Más ea, is féidir leat é a íoslódáil ón rannóg ábhar tacaíochta ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan d’ábhair thacaíochta a uaslódáil i bhfoirm leictreonach in éineacht le d’fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe cheana féin, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne chomh luath roimh an spriocdháta agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá a bheith i gceist chun do chlárú ar seirbhísí ar líne a phróiseáil.
Cabhair fós uait?
Liosta de cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne.
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú