Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 05 Nollaig 2024 |
---|
Suim a dámhadh | Gan teorainn |
---|
Foirm ealaíne | Ealaíona Idirnáisiúnta |
---|
Cineál lucht éisteachta | Eagraíocht |
---|
Teagmhálaí | Lucy Tevlin |
---|
Teileafón | 0874758343 |
---|
ríomhphoist | lucy.tevlin@artscouncil.ie |
---|
Post | Oifigeach Ealaíon Idirnáisiúnta |
---|
Tá an Dámhachtain Chómhaoinithe 2025 foroinnte ag snáitheanna:
- Snáithe 1: Dámhachtain Chómhaoinithe le
haghaidh Thionscadail Chomhoibrithe na hEorpa Cruthaithí a thosófar in
2025. Is é príomhchuspóir de Shnáithe 1 na dámhachtana a chur ar chumas eagraíochtaí in Éirinn a bhain maoiniú amach, mar Phríomhchomhordaitheoir nó Príomhchomhpháirtí, i gcomhair gníomhaíochtaí ealaíonta faoi shnáithe na dTionscadal Comhoibrithe
de chuid Chlár na hEorpa Cruthaithí 2021–27, iarratas a dhéanamh ar chómhaoiniú. Breithneofar maoiniú chun tacú le gníomhaíochtaí ealaíon in Éirinn atá i gcomhréir le cuspóirí agus tosaíochtaí na dámhachtana seo
Ní bheidh iarratais ó
eagraíochtaí nach eagraíochtaí ealaíon iad incháilithe ach amháin sa chás gur sainaithníodh eagraíochtaí ealaíon in Éirinn mar rannpháirtí sa tionscadal agus sa chás go n-úsáidfear tacaíocht ón gComhairle Ealaíon chun leasa ghníomhaíochtaí ealaíon
Éireannaí de chuid na heagraíochta ealaíne. Ní mór iarratais ar Dhámhachtain Chómhaoinithe le haghaidh Tionscadail Chomhoibrithe a dhéanamh sa bhliain féilire chéanna a bhfaightear tairiscint ar mhaoiniú ón EACEA.
- Snáithe 2: Dámhachtain Chómhaoinithe le haghaidh Cruinnithe
Comhpháirtí mar ullmhúchán d’Iarratais Tionscadail Chomhoibrithe na hEorpa
Cruthaithí. Is é príomhchuspóir den snáithe seo a chur ar chumas eagraíochtaí in Éirinn iarratas a dhéanamh ar thacaíocht maidir le comhpháirtithe féideartha na hEorpa mar ullmhúchán d’iarratais faoi shnáithe na dTionscadal Comhoibrithe de chuid Chlár
na hEorpa Cruthaithí 2021-2027.
Tacaíochtaí
Rochtana
Má tá
tú faoi mhíchumas agus dá mba mhaith leat cúnamh chun iarratas a dhéanamh, déan
teagmháil lenár nOifigeach Rochtana a luaithe agus is féidir roimh an
spriocdháta.
Guthán:
Ríomhphost: access@artscouncil.ie
Beidh
tú in ann iarratas a dhéanamh ar chostais bhreise má tá riachtanais rochtana
agat a bhaineann le d’iarratas.
Tabhair
faoi deara: ní ghlacfar le hiarratais ach
amháin trí Shuíomh
Gréasáin na Seirbhísí ar Líne de chuid na Comhairle
Ealaíon. Murar úsáid tú Seirbhísí ar Líne cheana ní mór duit clárú le haghaidh
logáil isteach le bheith in ann iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú. Tá sé
tábhachtach go ndéanfaidh tú iarratas a luaithe agus is féidir go bharr go
bhféadfadh sé suas le cúig lá oibre a thógáil sula bpróiseálfar do chlárúchán.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na treoirlínte atá ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar tacaíochta éigeantach nach mór dul le d’iarratas. D’fhéadfaimis teimpléad a chur ar fáil don ábhar tacaíochta. Más ea, is féidir leat é a íoslódáil ón rannóg ábhar tacaíochta ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan d’ábhair thacaíochta a uaslódáil i bhfoirm leictreonach in éineacht le d’fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe cheana féin, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne chomh luath roimh an spriocdháta agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá a bheith i gceist chun do chlárú ar seirbhísí ar líne a phróiseáil.
Cabhair fós uait?
Liosta de cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne.
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú