Suim a dámhadh | €35,000 |
---|
Cineál lucht éisteachta | Gach |
---|
Comhoibriú | Yes |
---|
Teagmhálaí | Aine Kelly |
---|
Teileafón | 016180200 |
---|
ríomhphoist | awards@artscouncil.ie |
---|
Cuspóir agus tosaíochtaí na dámhachtana
Faoin Dámhachtain Coimisiún sa Ceoldráma,
tugtar tacaíocht maidir leis na táillí a íoctar le healaíontóirí le haghaidh
coimisiún i réimse an Ceoldráma.
Is é príomhchuspóir na dámhachtana seo ná comhpháirtíochtaí
cruthaitheacha a éascú idir coimisinéirí agus ealaíontóirí ó réimsí éagsúla. Ní
mór toradh nó críoch éigin a bheith ar an bpróiseas. Dfhéadfadh léiriú poiblí a
bheith i gceist nó próiseas caidrimh le pobal áite nó spéise ar leith, nó
bealach eile chun an saothar coimisiúnaithe a scaipeadh nó a léiriú in Éirinn
nó thar lear.
I gcomhthéacs na dámhachtana seo, is é an sainmhíniú atá ar coimisiún ná
cás ina bhfuil duine nó comhlacht amháin (an coimisinéir) a thugann tacaíocht
agus íocaíocht d’ealaíontóir nó do ghrúpa ealaíontóirí chun saothar nó
tionscadal ealaíonta a chruthú nó a sheachadadh. Tarlaíonn sé seo laistigh de
shraith teorainneacha a chomhaontaíonn an dá chomhpháirtí.
Is féidir leat na treoirlínte a
íoslódáil mar PDF nó mar dhoiciméad Word i bhformáid mhór. Mura bhfeileann sé
seo duit, déan teagmháil leis an gComhairle Ealaíon.
Seirbhísí ar líne
Tá suíomh gréasáin na
seirbhísí ar líne nua seolta ag an gComhairle Ealaíon. Ní mór
gach iarratas a chur isteach ar shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne. Is
féidir leat réimse leathan ábhair tacaíochta a uaslódáil i bhformáid
leictreonach (suas le 20 MB san iomlán) i dteannta d’fhoirme iarratais.
Chun
iarratas a dhéanamh, ní mór don choimisinéir agus don ealaíontóir nó do na
healaíontóirí clárú ar
leithligh agus go leithleach leis an suíomh seirbhísí ar líne. D’fhéadfadh suas
le cúig lá oibre a bheith i gceist chun clárúcháin a dhearbhú agus mar sin tá
sé an-tábhachtach go gcláródh sibh a luaithe agus is féidir.
Caithfidh
tú clárú leis
an suíomh nua sula mbeidh tú ábalta iarratas ar líne a dhéanamh. Tharlódh go
mbeidh suas le cúig lá oibre i gceist sula ndearbhófar do chlárúcháin, mar sin
tá sé an-tábhachtach go gclárófá chomh luath agus is féidir. Cliceáil anseo
chun clárú anois.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na treoirlínte atá ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar tacaíochta éigeantach nach mór dul le d’iarratas. D’fhéadfaimis teimpléad a chur ar fáil don ábhar tacaíochta. Más ea, is féidir leat é a íoslódáil ón rannóg ábhar tacaíochta ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan d’ábhair thacaíochta a uaslódáil i bhfoirm leictreonach in éineacht le d’fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe cheana féin, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne chomh luath roimh an spriocdháta agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá a bheith i gceist chun do chlárú ar seirbhísí ar líne a phróiseáil.
Cabhair fós uait?
Liosta de cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne.
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú