Suim a dámhadh | €13,000 |
---|
Foirm ealaíne | Ceol |
---|
Cineál lucht éisteachta | Ealaíontóir aonair, Eagraíocht |
---|
Teileafón | 01 618 02 00 |
---|
ríomhphoist | awards@artscouncil.ie |
---|
Cuspóir agus tosaíochtaí na dámhachtana
Faoin Dámhachtain
Coimisiún sa Cheol, tugtar tacaíocht maidir leis na táillí a íoctar le
healaíontóirí le haghaidh coimisiún i réimse an Cheoil.
Is é
príomhchuspóir na dámhachtana seo ná comhpháirtíochtaí cruthaitheacha a
éascú idir coimisinéirí agus ealaíontóirí ó réimsí éagsúla. Ní mór
toradh nó críoch éigin a bheith ar an bpróiseas. Dfhéadfadh léiriú
poiblí a bheith i gceist nó próiseas caidrimh le pobal áite nó spéise ar
leith, nó bealach eile chun an saothar coimisiúnaithe a scaipeadh nó a
léiriú in Éirinn nó thar lear.
I gcomhthéacs na dámhachtana seo,
is é an sainmhíniú atá ar coimisiún ná cás ina bhfuil duine nó comhlacht
amháin (an coimisinéir) a thugann tacaíocht agus íocaíocht
d’ealaíontóir nó do ghrúpa ealaíontóirí chun saothar nó tionscadal
ealaíonta a chruthú nó a sheachadadh. Tarlaíonn sé seo laistigh de
shraith teorainneacha a chomhaontaíonn an dá chomhpháirtí.
Is
féidir leat na treoirlínte a íoslódáil mar PDF nó mar dhoiciméad Word i
bhformáid mhór. Mura bhfeileann sé seo duit, déan teagmháil leis an
gComhairle Ealaíon.
Seirbhísí ar líne
Tá suíomh gréasáin na seirbhísí ar líne
nua seolta ag an gComhairle Ealaíon. Ní mór gach iarratas a chur
isteach ar shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne. Is féidir leat réimse
leathan ábhair tacaíochta a uaslódáil i bhformáid leictreonach (suas le
20 MB san iomlán) i dteannta d’fhoirme iarratais.
Chun iarratas a dhéanamh, ní mór don choimisinéir agus don ealaíontóir nó do na healaíontóirí clárú
ar leithligh agus go leithleach leis an suíomh seirbhísí ar líne.
D’fhéadfadh suas le cúig lá oibre a bheith i gceist chun clárúcháin a
dhearbhú agus mar sin tá sé an-tábhachtach go gcláródh sibh a luaithe
agus is féidir.
Caithfidh tú clárú
leis an suíomh nua sula mbeidh tú ábalta iarratas ar líne a dhéanamh.
Tharlódh go mbeidh suas le cúig lá oibre i gceist sula ndearbhófar do
chlárúcháin, mar sin tá sé an-tábhachtach go gclárófá chomh luath agus
is féidir. Cliceáil anseo chun clárú anois.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na treoirlínte atá ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar tacaíochta éigeantach nach mór dul le d’iarratas. D’fhéadfaimis teimpléad a chur ar fáil don ábhar tacaíochta. Más ea, is féidir leat é a íoslódáil ón rannóg ábhar tacaíochta ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan d’ábhair thacaíochta a uaslódáil i bhfoirm leictreonach in éineacht le d’fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe cheana féin, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne chomh luath roimh an spriocdháta agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá a bheith i gceist chun do chlárú ar seirbhísí ar líne a phróiseáil.
Cabhair fós uait?
Liosta de cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne.
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú