Suim a dámhadh | €10,000 |
---|
Foirm ealaíne | Na healaíona traidisiúnta |
---|
Cineál lucht éisteachta | Ealaíontóir aonair, Eagraíocht |
---|
Teileafón | 01 618 02 00 |
---|
ríomhphoist | awards@artscouncil.ie |
---|
Cuspóir agus tosaíochtaí na dámhachtana
Tacaíonn Dámhachtain Coimisiún sna hEalaíona Traidisiúnta le táillí a íoctar le healaíontóirí le haghaidh coimisiún i réimse na nEalaíon Traidisiúnta (.i. coimisiúin lena mbaineann ceol, amhránaíocht nó rince traidisiúnta nó na healaíona béil). Cuireann an dámhachtain tacaíocht ar fáil freisin do chomhobair idir ealaíontóirí traidisiúnta agus lucht foirmeacha ealaíne eile atá ag teacht le beartas na Comhairle Ealaíon i leith na n-ealaíon traidisiúnta.
Is é príomhchuspóir na dámhachtana seo ná comhpháirtíochtaí cruthaitheacha a éascú idir coimisinéirí agus ealaíontóirí ó réimsí éagsúla. Ní mór toradh nó críoch éigin a bheith ar an bpróiseas seo. Dfhéadfadh léiriú poiblí, próiseas caidrimh le pobal ceantair nó spéise, nó foirm eile de scaipeadh nó léiriú an tsaothair
choimisiúnaithe in Éirinn nó thar lear a bheith i gceist.
I gcomhthéacs na dámhachtana seo, is é an sainmhíniú atá ar coimisiún ná cás ina bhfuil duine nó eintiteas amháin (an coimisinéir) a thugann tacaíocht agus íocaíocht do dhuine nó d’eintiteas eile (ealaíontóir nó do grúpa ealaíontóirí) chun saothar nó tionscadal ealaíonta a chruthú nó a sheachadadh. Tarlaíonn seo taobh istigh de shraith teorainneacha a chomhaontaíonn an dá pháirtí.
Seirbhísí ar líne
Beidh an fhuinneog maidir le h-iarratas a dhéanamh ar líne ar oscailt an 31 Márta 2020.
Tá suíomh gréasáin na seirbhísí ar líne nua seolta ag an gComhairle Ealaíon. Ní mór gach iarratas a chur isteach ar shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne. Is féidir leat réimse leathan ábhair tacaíochta a uaslódáil i bhformáid leictreonach (suas le 20 MB san iomlán) i dteannta d’fhoirme iarratais.
Chun iarratas a dhéanamh, ní mór don choimisinéir agus don ealaíontóir nó do na healaíontóirí clárú ar leithligh agus go leithleach leis an suíomh seirbhísí ar líne. D’fhéadfadh suas le cúig lá oibre a bheith i gceist chun clárúcháin a dhearbhú agus mar sin tá sé an-tábhachtach go gcláródh sibh a luaithe agus is féidir.
Caithfidh tú clárú leis an suíomh nua sula mbeidh tú ábalta iarratas ar líne a dhéanamh. Tharlódh go mbeidh suas le cúig lá oibre i gceist sula ndearbhófar do chlárúcháin, mar sin tá sé an-tábhachtach go gclárófá chomh luath agus is féidir. Cliceáil anseo chun clárú anois.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na treoirlínte atá ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar tacaíochta éigeantach nach mór dul le d’iarratas. D’fhéadfaimis teimpléad a chur ar fáil don ábhar tacaíochta. Más ea, is féidir leat é a íoslódáil ón rannóg ábhar tacaíochta ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan d’ábhair thacaíochta a uaslódáil i bhfoirm leictreonach in éineacht le d’fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe cheana féin, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne chomh luath roimh an spriocdháta agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá a bheith i gceist chun do chlárú ar seirbhísí ar líne a phróiseáil.
Cabhair fós uait?
Liosta de cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne.
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú