Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 25 Iúil 2024 |
---|
Suim a dámhadh | €80,000 |
---|
Foirm ealaíne | Ailtireacht |
---|
Cineál lucht éisteachta | Ealaíontóir aonair, Eagraíocht |
---|
Teileafón | 01 618 0200/01 6180243 |
---|
ríomhphoist | awards@artscouncil.ie |
---|
Cuspóir an chiste seo
Leis an dámhachtain seo, tugtar tacaíocht do
thionscadail i réimse na hAiltireachta. Is é cuspóir na
dámhachtana ná tacú leo seo a leanas:
- obair nua dhúshlánach, nuálach a dhéanamh;
- obair a dhéanamh a fhorbraíonn cleachtas ealaíne ailtirí;
- obair a dhéanamh a fhorbraíonn gnéithe teoiriciúla nó praiticiúla den
ailtireacht;
- tionscnaimh uaillmhianacha ar ardchaighdeán a chuireann ábhar i láthair
do lucht éisteachta nó féachana.
Is féidir teacht ar threoirlínte i dtaca leis
an mbabhta seo den dámhachtain anseo. Tabhair faoi
deara: féadfar na treoirlínte seo a athrú don bhabhta atá le teacht den
dámhachtain. Beidh treoirlínte nua ar fáil sula gcuirfear tús leis an tréimhse
inar féidir iarratas a chur isteach.
An scéal is déanaí maidir leis an Dámhachtain do
Thionscadal Ailtireachta
Tá an Scéim Rannpháirtíochta san Ailtireacht ionchorpraithe i Snáithe 1
agus Snáithe 3 den Dámhachtain do Thionscadal Ailtireachta. Tá trí shnáithe sa
Dámhachtain do Thionscadal Ailtireachta:
- Snáithe 1 Taighde agus Forbairt – chun smaointe san ailtireacht a
bhaineann le, nó a d’fhéadfaí a fhorbairt le himeacht ama isteach i
dtionscadail Táirgthe (Snáithe 2) NÓ Rannpháirtíochta (Snáithe 3) a fhiosrú, a
thástáil agus a fhorbairt.
- Snáithe 2 Táirgeadh – do shaothar uaillmhianach aon-uaire nua a rinne
ailtirí nó céimithe ailtireachta ag céim ar bith dá ngairmréim, sa, nó faoin,
ailtireacht.
- Rannpháirtíocht Shnáithe 3 - do thionscadail rannpháirtíocht an phobail.
Féach Snáithe 3 Rannpháirtíocht leis an Dámhachtain Tionscadail má tá smaointe agat do thionscadail rannpháirtíochta poiblí (atá uaillmhianach,
nuálach, cruthaitheach agus a bhfuil sé mar aidhm ar leith acu cur le taithí
agus rannpháirtíocht an phobail agus í a fheabhsú, leis an ailtireacht) nó
féach Snáithe 1 Taighde agus Forbairt más mian leat smaointe a fhiosrú,
a thástáil, agus a fhorbairt san ailtireacht a bhaineann le agus a d’fhéadfaí a
fhorbairt isteach i dtionscadail Shnáithe 2 (Táirgeadh) NÓ Shnáithe 3
(Rannpháirtíocht).
Tacaíochtaí
Rochtana
Má tá
tú faoi mhíchumas agus dá mba mhaith leat cúnamh chun iarratas a dhéanamh, déan
teagmháil lenár nOifigeach Rochtana a luaithe agus is féidir roimh an
spriocdháta.
Guthán:
Ríomhphost: access@artscouncil.ie
Beidh
tú in ann iarratas a dhéanamh ar chostais bhreise má tá riachtanais rochtana
agat a bhaineann le d’iarratas.
Tabhair
faoi deara: ní ghlacfar le hiarratais ach
amháin trí Shuíomh
Gréasáin na Seirbhísí ar Líne de chuid na Comhairle
Ealaíon. Murar úsáid tú Seirbhísí ar Líne cheana ní mór duit clárú le haghaidh
logáil isteach le bheith in ann iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú. Tá sé
tábhachtach go ndéanfaidh tú iarratas a luaithe agus is féidir go bharr go
bhféadfadh sé suas le cúig lá oibre a thógáil sula bpróiseálfar do chlárúchán.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na treoirlínte atá ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar tacaíochta éigeantach nach mór dul le d’iarratas. D’fhéadfaimis teimpléad a chur ar fáil don ábhar tacaíochta. Más ea, is féidir leat é a íoslódáil ón rannóg ábhar tacaíochta ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan d’ábhair thacaíochta a uaslódáil i bhfoirm leictreonach in éineacht le d’fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe cheana féin, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne chomh luath roimh an spriocdháta agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá a bheith i gceist chun do chlárú ar seirbhísí ar líne a phróiseáil.
Cabhair fós uait?
Liosta de cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne.
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú