Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 25 Iúil 2024 |
---|
Suim a dámhadh | €80,000 |
---|
Foirm ealaíne | Na físealaíona |
---|
Cineál lucht éisteachta | Ealaíontóir aonair, Eagraíocht |
---|
Comhoibriú | Yes |
---|
Teileafón | 01 6180200/01 6180243 |
---|
ríomhphoist | awards@artscouncil.ie |
---|
Cuspóir na
dámhachtana
Is é cuspóir na Dámhachtana do
Thionscadal Amharc-ealaíon ná tacú le pleanáil, réamhléiriúchán, léiriúchán,
agus cur i láthair an tsaothair sna hAmharc-ealaíona.
Is féidir teacht ar threoirlínte i dtaca leis an mbabhta seo den dámhachtain anseo. Tabhair
faoi deara: athraíodh na treoirlínte seo don bhabhta atá le teacht den
dámhachtain. Beidh treoirlínte nua ar fáil sula gcuirfear tús leis an tréimhse
inar féidir iarratas a chur isteach.
Clinic Eolais
Beidh clinic eolais ar líne á reáchtáil ag an gComhairle Ealaíon trí Zoom maidir leis an Dámhachtain do Thionscadal Físealaíon ar an dáta seo a leanas:
Is féidir cur isteach ar Dhámhachtain do
Thionscadal Amharc-ealaíon faoi thrí shnáithe:
Snáithe 1:
Pleanáil agus Réamhléiriúchán:
Is é cuspóir Shnáithe 1 tacú le
healaíontóirí, coimeádaithe, léiritheoirí nó eagraíochtaí atá incháilithe chun
taighde a dhéanamh, ullmhúchán a dhéanamh agus pleananna a dheimhniú le haghaidh
saothar amharc-ealaíne nua, uaillmhianach a chuirfear i láthair amach anseo.
Tacaíonn an snáithe seo le forbairt agus
le hullmhúchán tionscadail nó coimisiúin seachas a chur i láthair poiblí nó
toradh.
Is é €12,000 an t-uasmhéid ar féidir
iarratas a dhéanamh air.
Snáithe 2:
Léiriúchán Meánscála:
Cuspóir Shnáithe 2: Tacaíonn Léiriúchán
Meánscála le táirgeadh agus coimisiúnú tionscadal uaillmhianach sna
hamharc-ealaíona, agus díríonn sé ar chur i láthair agus ar rannpháirtíocht an
phobail.
Is é Snáithe 2 an chéim dheireanach den
tionscadal meánscála, agus beifear ag súil le go mbeidh iarratasóirí ábalta a
gcumas a léiriú tionscadal uaillmhianach sna hamharc-ealaíona a chur i gcrích,
agus é a chur i láthair an phobail chomh maith.
Féadann na tionscadail sin tarlú i spás
poiblí, suíomh dánlainne, suíomhanna agus ionaid neamhghnácha nó ar ardáin
dhigiteacha.
Is é faoi bhun €25,000 an méid ar féidir
iarratas a dhéanamh air.
Má éiríonn leo, beidh bliain amháin ag
iarratasóirí ó fuarthas an toradh chun na gníomhaíochtaí uile a chur i gcrích,
a bhaineann lena n-iarratas ar Dhámhachtain do Thionscadal Amharc-ealaíon
Shnáithe 2.
Snáithe 3:
Léiriúchán Mórscála:
Is é cuspóir Shnáithe 3: Tacaíonn
Léiriúchán Mórscála le táirgeadh agus coimisiúnú tionscadal uaillmhianach sna
hamharc-ealaíona, agus díríonn sé ar chur i láthair agus ar rannpháirtíocht an
phobail.
Is é Snáithe 3 an chéim dheireanach den
tionscadal mórscála, agus beifear ag súil le go mbeidh iarratasóirí ábalta a
gcumas a léiriú tionscadal uaillmhianach sna hamharc-ealaíona a chur i gcrích,
agus é a chur i láthair an phobail chomh maith.
Féadann na tionscadail sin tarlú i spás
poiblí, suíomh dánlainne, suíomhanna agus ionaid neamhghnácha nó ar ardáin
dhigiteacha.
Is é idir €25,000 agus €80,000 an méid
ar féidir iarratas a dhéanamh air.
Má éiríonn leo, beidh bliain amháin ag
iarratasóirí ó fuarthas an toradh chun na gníomhaíochtaí uile a chur i gcrích,
a bhaineann lena n-iarratas ar Dhámhachtain do Thionscadal Amharc-ealaíon
Shnáithe 3.
Nóta ar ábhair
thacaíochta:
Tabhair faoi deara, le do thoil, go
dteastaíonn ábhair thacaíochta éagsúla do Shnáithe 1 agus do Shnáithe 2/3 den
Dámhachtain do Thionscadal Amharc-ealaíon. Ciallaíonn ábhar tacaíochta ábhar ar
leith ó d’fhoirm iarratais agus sa bhreis air.
Ní mór an t-ábhar tacaíochta atá leagtha
amach do thrí shnáithe na dámhachtana a uaslódáil le d’iarratas. Beidh
d’iarratas neamh-incháilithe mura gcuirfidh tú an t‑ábhar tacaíochta
riachtanach isteach.
Tá gá le samplaí de shaothar a rinneadh
roimhe seo do gach snáithe. Tabhair faoi deara nach nglactar le naisc chuig
ardáin na meán sóisialta ná suíomhanna gréasáin de chuid iarratasóirí aonair.
Ní mór d’iarratasóirí rannpháirtíocht
aon phríomhpháirtithe a luadh ina dtograí Tionscadail a dheimhniú, de réir an
ábhair thacaíochta riachtanaigh.
Tá na sonraí uile maidir leis na hábhair
thacaíochta riachtanach ar fáil i gCuid 1.7 de threoirlínte na dámhachtana.
Guthán:
Ríomhphost: access@artscouncil.ie
Beidh
tú in ann iarratas a dhéanamh ar chostais bhreise má tá riachtanais rochtana
agat a bhaineann le d’iarratas.
Tabhair
faoi deara: ní ghlacfar le hiarratais ach
amháin trí Shuíomh
Gréasáin na Seirbhísí ar Líne de chuid na Comhairle
Ealaíon. Murar úsáid tú Seirbhísí ar Líne cheana ní mór duit clárú le haghaidh
logáil isteach le bheith in ann iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú. Tá sé
tábhachtach go ndéanfaidh tú iarratas a luaithe agus is féidir go bharr go
bhféadfadh sé suas le cúig lá oibre a thógáil sula bpróiseálfar do chlárúchán.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na treoirlínte atá ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar tacaíochta éigeantach nach mór dul le d’iarratas. D’fhéadfaimis teimpléad a chur ar fáil don ábhar tacaíochta. Más ea, is féidir leat é a íoslódáil ón rannóg ábhar tacaíochta ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan d’ábhair thacaíochta a uaslódáil i bhfoirm leictreonach in éineacht le d’fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe cheana féin, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne chomh luath roimh an spriocdháta agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá a bheith i gceist chun do chlárú ar seirbhísí ar líne a phróiseáil.
Cabhair fós uait?
Liosta de cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne.
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú