Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 21 Samhain 2024 |
---|
Suim a dámhadh | €26,000 |
---|
Foirm ealaíne | Amharclannaíocht |
---|
Cineál lucht éisteachta | Ealaíontóir aonair, Eagraíocht |
---|
Teileafón | 01 6180200/01 6180243 |
---|
ríomhphoist | awards@artscouncil.ie |
---|
Cuspóir na dámhachtana
Leis an dámhachtain seo, tugtar
tacaíocht do thionscadail ar leith i réimse na hAmharclannaíochta.
Teimpléad Buiséid don Tionscadal Amharclannaíochta
Ní mór d’iarratasóirí don Dámhachtain do Thionscadal Amharclannaíochta
Teimpléad Buiséid comhlánaithe don Tionscadal Amharclannaíochta a chur ar fáil
mar chuid dá n-ábhar tacaíochta. Ní mór an gnás ainmnithe seo a leanas a úsáid
sa teimpléad: Teimpléad_Buiséid_Tionscadal_Amharclannaíochta_2025_[ainm
an tionscadail]. Tabhair faoi deara go bhfuil dhá tháb sa teimpléad, agus is
féidir tacaíochtaí comhchineáil a liostú sa dara táb.
Tá ceithre shnáithe sa
dámhachtain seo:
- Snáithe 1 – Forbairt Dráma (suas le €15,000)
- Snáithe 2 – Saothar a Chruthú don Téatar (suas le €26,000)
Tacaíochtaí
Rochtana
Má tá
tú faoi mhíchumas agus dá mba mhaith leat cúnamh chun iarratas a dhéanamh, déan
teagmháil lenár nOifigeach Rochtana a luaithe agus is féidir roimh an
spriocdháta.
Guthán:
Ríomhphost: access@artscouncil.ie
Beidh
tú in ann iarratas a dhéanamh ar chostais bhreise má tá riachtanais rochtana
agat a bhaineann le d’iarratas.
Tabhair
faoi deara: ní ghlacfar le hiarratais ach
amháin trí Shuíomh
Gréasáin na Seirbhísí ar Líne de chuid na Comhairle
Ealaíon. Murar úsáid tú Seirbhísí ar Líne cheana ní mór duit clárú le haghaidh
logáil isteach le bheith in ann iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú. Tá sé
tábhachtach go ndéanfaidh tú iarratas a luaithe agus is féidir go bharr go
bhféadfadh sé suas le cúig lá oibre a thógáil sula bpróiseálfar do chlárúchán.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na treoirlínte atá ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar tacaíochta éigeantach nach mór dul le d’iarratas. D’fhéadfaimis teimpléad a chur ar fáil don ábhar tacaíochta. Más ea, is féidir leat é a íoslódáil ón rannóg ábhar tacaíochta ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan d’ábhair thacaíochta a uaslódáil i bhfoirm leictreonach in éineacht le d’fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe cheana féin, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne chomh luath roimh an spriocdháta agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá a bheith i gceist chun do chlárú ar seirbhísí ar líne a phróiseáil.
Cabhair fós uait?
Liosta de cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne.
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú