Suim a dámhadh | €3,000 |
---|
Cineál lucht éisteachta | Ealaíontóir aonair |
---|
Teileafón | 01 6180200/01 6180243 |
---|
ríomhphoist | awards@artscouncil.ie |
---|
Is é cuspóir na Dámhachtana seo le haghaidh Forbairt Ghairmiúil tacú le healaíontóirí agus gairmithe ealaíon uas-sciliú a dhéanamh trí rochtain ar fhorbairt ghairmiúil nó ar dheis oiliúna.
Is féidir le hiarratasóirí oiliúint shonrach aonuaire nó deis forbartha a mholadh. Is féidir é seo a rochtain go digiteach nó go pearsanta, de réir threoirlínte COVID-19. D’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith san áireamh sna samplaí:
Tacaíochtaí forbartha cruthaithí, amhail rannpháirtíocht i gceardlanna, sainchúrsaí, máistir-ranganna, tionscadail taighde, cónaitheachtaí, cóitseáil/meantóireacht, freastal ar chomhdhálacha/seimineáir
Tacaíochtaí forbartha gairme, amhail pleanáil straitéiseach agus/nó airgeadais, scileanna cur i láthair nó digiteacha, tograí a scríobh
D’fhéadfadh sé gurb obair le duine nó eagraíocht a bheadh bunaithe in Éirinn nó thar lear a bheadh sa togra.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na treoirlínte atá ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar tacaíochta éigeantach nach mór dul le d’iarratas. D’fhéadfaimis teimpléad a chur ar fáil don ábhar tacaíochta. Más ea, is féidir leat é a íoslódáil ón rannóg ábhar tacaíochta ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan d’ábhair thacaíochta a uaslódáil i bhfoirm leictreonach in éineacht le d’fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe cheana féin, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne chomh luath roimh an spriocdháta agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá a bheith i gceist chun do chlárú ar seirbhísí ar líne a phróiseáil.
Cabhair fós uait?
Liosta de cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne.
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú