Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 06 Meitheamh 2024 |
---|
Suim a dámhadh | €400,000 |
---|
Cineál lucht éisteachta | Ealaíontóir aonair, Eagraíocht |
---|
Teagmhálaí | Aisling Nic Artáin |
---|
Teileafón | 087 491 5384 |
---|
ríomhphoist | aisling.nicartain@artscouncil.ie |
---|
Post | Ceann Ealaíona na Gaeilge |
---|
Is tionscadal taighde gníomhaíochta é an Dámhachtain um Léiriú agus Chamchuairt Amharclannaíochta na Gaeilge, le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann (ACNI), a bhfuil an sprioc aige amharclannaíocht ar an mórchóir a fhorbairt, a chur ar fáil is a chur i láthair as Gaeilge do shluaite ginearálta, chun a chinntiú go mbaineann níos mó daoine taitneamh as amharclannaíocht as Gaeilge d’ardchaighdeán ar fud na tíre.
Beidh ar an iarratasóir rathúil oibriú go dlúth le meastóir i rith thréimhse na dámhachtana mar chuid de thionscadal taighde gníomhaíochta. Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil seans ann go rachaidh meastóir i dteagmháil le hiarratasóirí neamhrathúla
chun críocha taighde.
Tá an dámhachtain oscailte do dhaoine aonair agus d’eintitis atá in ann cuntas teiste rathúil i gcleachtas amharclannaíochta a léiriú agus a bhfuil lonnaithe ar oileán na hÉireann.
Tá na treoirlínte maidir leis an dámhachtain seo ar fáil anois.
Seisiúin eolais:
Tacaíochtaí Rochtana
Má tá tú faoi mhíchumas agus ba mhaith leat iarratas a dhéanamh, déan teagmháil le hOifigeach Rochtana na Comhairle Ealaíon le do thoil, chomh luath agus is féidir roimh an spriocdháta.
Fón:
Ríomhphost: access@artscouncil.ie
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chostais bhreise le riachtanais rochtana a d’fhéadfadh a bheith agat mar chuid de d’iarratas a chlúdach.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na treoirlínte atá ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar tacaíochta éigeantach nach mór dul le d’iarratas. D’fhéadfaimis teimpléad a chur ar fáil don ábhar tacaíochta. Más ea, is féidir leat é a íoslódáil ón rannóg ábhar tacaíochta ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan d’ábhair thacaíochta a uaslódáil i bhfoirm leictreonach in éineacht le d’fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe cheana féin, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne chomh luath roimh an spriocdháta agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá a bheith i gceist chun do chlárú ar seirbhísí ar líne a phróiseáil.
Cabhair fós uait?
Liosta de cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne.
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú