Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 04 Aibreán 2024 |
---|
Suim a dámhadh | €20,000 |
---|
Cineál lucht éisteachta | Eagraíocht |
---|
Comhoibriú | Yes |
---|
Teileafón | 01 6180200/01 6180243 |
---|
ríomhphoist | YPCE@artscouncil.ie |
---|
Tugann
Cónaitheachtaí DÓLO (Daoine Óga, Leanaí agus Oideachas) tacaíocht
d’ealaíontóirí nó d’eagraíochtaí ealaíon bliain acadúil a chaitheamh ina gcónaí
in Institiúid Ardoideachais in Éirinn a chuireann Oiliúint Tosaigh Múinteoirí
ar fáil (oideachas bunscoile, iarbhunscoile nó breisoideachais) agus/nó
cáilíocht aitheanta in oideachas agus i gcúram luath-óige. Tá na
cónaitheachtaí ar fáil do gach foirm ealaíne agus gach réimse cleachtais
ealaíon agus tá sé mar aidhm acu:
- Deiseanna a chur ar fáil d’ealaíontóirí
a gcuid scileanna agus a gcuid taithí ar shuíomhanna oideachais a fhorbairt,
agus a saothar ealaíne a fhorbairt i dtimpeallacht chomhoibritheach agus
thacúil
- Deiseanna a chur ar fáil don fhoireann
teagaisc/do léachtóirí in Oiliúint Tosaigh Múinteoirí agus in Oideachas agus i
gcúram luath-óige oibriú i gcomhar le healaíontóirí atá i mbun cleachtais chun
tionscnaimh chruthaitheacha shaincheaptha a chruthú i gcomhpháirt lena mic
léinn, do na mic léinn céanna
- Tacaíocht a thabhairt d’ábhair oidí agus
d’oideachasóirí luathbhlianta dul i ngleic le healaíontóirí atá i mbun
cleachtais mar chuid dá n-eispéiris foghlama
- Tacaíocht a thabhairt d'ábhar oidí agus
d’oideachasóirí luathbhlianta na scileanna agus an mhuinín a fhorbairt chun
taithí fhiúntach ar na healaíona a éascú dá gcuid scoláirí sna scoileanna agus
sna suíomhanna ina n-oibríonn siad, agus chun na healaíona a chur chun cinn sna
suíomhanna sin.
Tá
sé mar aidhm ag an gComhairle Ealaíon tacú le cónaitheachtaí i raon foirmeacha
ealaíne éagsúla, le héagsúlacht sna healaíontóirí, sna heagraíochtaí ealaíon
agus sna hinstitiúidí oideachais.
Cé
atá i dteideal iarratas a dhéanamh?
Tá
an scéim oscailte d'institiúidí Ardoideachais a chuireann Oiliúint Tosaigh
Múinteoirí ar fáil agus/nó cúrsa le céim leibhéal 7 nó 8 san oideachas nó i
gcúram luath-óige.
Caithfidh
institiúidí óstacha iarratas a dhéanamh i gcomhpháirtíocht le healaíontóir nó
le heagraíocht ealaíon.
Féach anseo le
haghaidh liosta institiúidí ardoideachais a chuireann Oiliúint Tosaigh
Múinteoirí ar fáil agus ar féidir leo iarratas a dhéanamh.
Féach anseo le
haghaidh liosta institiúidí ardoideachais a chuireann cúrsaí a bhfuil céim
leibhéal 7 nó 8 san oideachas nó sa chúram luathóige ar fáil agus ar féidir leo
iarratas a dhéanamh.
Tabhair
faoi deara:
Caithfidh
na healaíontóirí, na heagraíochtaí ealaíon agus na hinstitiúidí óstacha a
bheith lonnaithe i bPoblacht na hÉireann.
Féadfaidh
ealaíontóirí nó eagraíochtaí ealaíon bheith dírithe ar aon fhoirm ealaíne nó ar
roinnt foirmeacha ealaíon éagsúla.
Ní
cheadaítear d’institiúidí óstacha níos mó ná trí iarratas a dhéanamh in aon
bhliain amháin.
Féadfaidh
tú teacht ar a thuilleadh eolais ar chónaitheachtaí ar tacaíodh leo roimhe seo,
chomh maith le roinnt físeáin ghearra anseo
Tacaíochtaí
rochtana
Dá
mba mhaith leat tacaíocht a fháil le d’iarratas de bharr riachtanas
inrochtaineachta, déan teagmháil lenár n-oifigeach inrochtaineachta, Vanessa Carswell, chomh luath agus is
féidir, le do thoil, mar cinnteoidh sé sin go mbeidh a dóthain ama ag Vanessa chun tacú leat. Cuirfimid an tacaíocht in oiriúint d’iarratais aonair.
Is
féidir leat iarratas a dhéanamh ar chostais bhreise le riachtanais rochtana a
d’fhéadfaí a bheith agat mar chuid de do thogra a shásamh.
Is
féidir leat:
Glaoch
a chur ar Vanessa ar (01 618 0200) nó
Ríomhphost
a sheoladh chuig Vanessa ag vanessa.carswell@artscouncil.ie
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na treoirlínte atá ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar tacaíochta éigeantach nach mór dul le d’iarratas. D’fhéadfaimis teimpléad a chur ar fáil don ábhar tacaíochta. Más ea, is féidir leat é a íoslódáil ón rannóg ábhar tacaíochta ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan d’ábhair thacaíochta a uaslódáil i bhfoirm leictreonach in éineacht le d’fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe cheana féin, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne chomh luath roimh an spriocdháta agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá a bheith i gceist chun do chlárú ar seirbhísí ar líne a phróiseáil.
Cabhair fós uait?
Liosta de cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne.
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú