Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 08 Meán Fómhair 2016 |
---|
Suim a dámhadh | Gan teorainn |
---|
Foirm ealaíne | Ailtireacht, Amharclannaíocht, Ceol, Ceoldráma, Daoine óga páistí agus na healaíona, Féilte, Ionaid tionóil, Litríocht, Na físealaíona, Na healaíona rannpháirteachais, Na healaíona traidisiúnta, Rince, Scannán, Sorcas, Taibhiú sráide |
---|
Cineál lucht éisteachta | Eagraíocht |
---|
Teagmhálaí | Relevant artform / practice team |
---|
Teileafón | 01 618 02 00 |
---|
Cuspóir
Is é aidhm an Deontais le haghaidh Clár Bliantúil cúnamh a thabhairt d'iarratasóirí le costas a gcláir ealaíne. Níl sé i gceist leis an scéim go dtabharfaí tacaíocht le haghaidh costais leanúnacha oibriúcháin/riaracháin.
Iarrtar ar eagraíochtaí atá ag déanamh iarratais den chéad uair a gcuid oiriúnachta maidir leis an gclár maoinithe seo a phlé ar dtús báire leis an gCeann Foirne ábhartha sa Chomhairle Ealaíon.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na treoirlínte atá ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar tacaíochta éigeantach nach mór dul le d’iarratas. D’fhéadfaimis teimpléad a chur ar fáil don ábhar tacaíochta. Más ea, is féidir leat é a íoslódáil ón rannóg ábhar tacaíochta ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan d’ábhair thacaíochta a uaslódáil i bhfoirm leictreonach in éineacht le d’fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe cheana féin, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne chomh luath roimh an spriocdháta agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá a bheith i gceist chun do chlárú ar seirbhísí ar líne a phróiseáil.
Cabhair fós uait?
Liosta de cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne.
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú