Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 22 Aibreán 2021 |
---|
Suim a dámhadh | €90,000 |
---|
Foirm ealaíne | Ealaín Áitiúil Áite agus Poiblí |
---|
Cineál lucht éisteachta | Gach |
---|
Comhoibriú | Yes |
---|
Teagmhálaí | Ailve McCormack |
---|
Teileafón | (087) 1140372 |
---|
ríomhphoist | ailve.mccormack@artscouncil.ie |
---|
In the Open | Faoin Spéir, scéim maoinithe sainchuspóra a fhógairt in 2021, a forbraíodh mar fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19. Is é an aidhm atá leis clár marthanach agus coimeádta de ghníomhaíochtaí ealaíon ildisciplíneacha, uilechuimsitheacha a ghiniúint
i spásanna poiblí nó oscailte i mbailte agus i bpobail ar fud na hÉireann idir mí Iúil 2021 agus mí Aibreáin 2022.
Taispeánann ár suirbhéanna le déanaí le Behaviours and Attitudes dúinn go bhfuil níos mó muiníne ag an bpobal freastal ar imeachtaí lasmuigh. Agus muid ag súil go tnúthánach go dtiocfaidh muid as an bpaindéim sa dara leath de 2021 agus isteach
in 2022, cuideoidh In the Open | Faoin Spéir le spiorad athnuaite dóchais agus muiníne a chur ar ais sna healaíona.
Táthar ag súil go bhfaighidh suas le 14 áit ar fud na tíre dámhachtain In the Open | Faoin Spéir.
Forbraíodh an scéim mar fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19. Is é an aidhm atá leis clár marthanach agus coimeádta de ghníomhaíochtaí ealaíon ildisciplíneacha, uilechuimsitheacha a ghiniúint i spásanna poiblí nó oscailte i mbailte agus i bpobail ar fud
na hÉireann idir mí Iúil 2021 agus mí Aibreáin 2022.
Tacóidh an dámhachtain:
le clár lasmuigh arna aithint agus arna threorú ag údarás áitiúil i gcomhpháirtíocht le hionad ealaíon / eagraíocht ealaíon / féile ealaíon agus /nó coimeádaí amháin nó níos mó nó
le clár poiblí arna aithint agus arna threorú ag údarás áitiúil i gcomhpháirtíocht le hionad ealaíon / eagraíocht ealaíon / féile ealaíon (le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon faoi láthair).
Tá bunús na scéime daingnithe sna beartais atá leagtha síos i straitéis deich mbliana na Comhairle Ealaíon (2016–25), Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh: Forbairt na nEalaíon in Éirinn a threorú agus in Creatlach don Chomhoibriú: Comhaontú idir an Chomhairle Ealaíon agus Cumann Lucht Bainistíochta Contae agus Cathrach (FFC)
Tá sé ag freagairt freisin do Survive Adapt Renew agus Life Worth Living, na tuairiscí ar thionchar eacnamaíoch agus meon an phobail a foilsíodh in 2020. Féach anseo chun tuilleadh sonraí a fháil faoi na tuairiscí sin http://www.artscouncil.ie/covid-19/research-and-reports/
Spriocdháta le haghaidh iarratas: 22 Aibreán 2021, 5.30 i.n.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na treoirlínte atá ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar tacaíochta éigeantach nach mór dul le d’iarratas. D’fhéadfaimis teimpléad a chur ar fáil don ábhar tacaíochta. Más ea, is féidir leat é a íoslódáil ón rannóg ábhar tacaíochta ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan d’ábhair thacaíochta a uaslódáil i bhfoirm leictreonach in éineacht le d’fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe cheana féin, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne chomh luath roimh an spriocdháta agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá a bheith i gceist chun do chlárú ar seirbhísí ar líne a phróiseáil.
Cabhair fós uait?
Liosta de cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne.
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú