Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 14 Márta 2024 |
---|
Suim a dámhadh | Gan teorainn |
---|
Foirm ealaíne | Ailtireacht, Amharclannaíocht, Artists Retreats, Ceol, Ceoldráma, Daoine óga páistí agus na healaíona, Féilte, Ionaid tionóil, Litríocht, Na físealaíona, Na healaíona rannpháirteachais, Na healaíona traidisiúnta, Rince, Scannán, Sorcas, Spectacle, Taibhiú sráide |
---|
Cineál lucht éisteachta | Gach |
---|
Comhoibriú | Yes |
---|
Is clár maoinithe é Maoiniú Deontais do na hEalaíona a forbraíodh mar chuid de chreat maoinithe na Comhairle Ealaíon. Fuair an creat treoir ó na tiomantais atá leagtha síos laistigh de straitéis deich mbliana na Comhairle Ealaíon Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh agus tá sé deartha chun na tiomantais sin a sheachadadh.
Is é an cuspóir atá leis an maoiniú ón gComhairle Ealaíon ná gníomhaíochtaí agus cláir ar ardchaighdeán a chur ar fáil ar fud na tíre. Tugtar tacaíocht sholúbtha ar feadh tréimhse faoi leith, mar fhreagairt ar riachtanais iad siúd atá ag cruthú, ag cur i láthair agus ag tacú le saothar.
Tá sé ina sprioc ag an gclár, Maoiniú Deontais do na hEalaíona:
Tacaíocht a thabhairt do níos mó ná gníomhaíocht ealaíon ar leith amháin a bheidh ar siúl laistigh de thréimhse ama seasta, nó
Tacaíochtaí nó saoráidí a thabhairt d'ealaíontóirí thar thréimhse ama seasta.
Tá sé ina sprioc sa chlár, Maoiniú Deontais do na hEalaíona, freisin torthaí a bhaint amach ina bhforbraítear na healaíona:
Trí eispéiris ealaíon ar ardchaighdeán a chur ar fáil don phobal mór a bheith páirteach sna healaíona; nó
Trí sheirbhísí, acmhainní nó áiseanna den scoth a sholáthar a thacaíonn le hobair ealaíontóirí nó earnáil na n-ealaíon, agus
An maitheas a dhéanfar d’éiceolaíocht na n-ealaíon sa réimse cleachtais lena mbaineann tú.
Is féidir iarratas a dhéanamh ar chostais gníomhaíochtaí a bheidh ag tarlú idir Eanáir agus Nollaig 2025, nó idir Eanáir 2025 agus Nollaig 2026.
Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh?
Tá Maoiniú Deontais do na hEalaíona ar fáil thar gach foirm ealaíne agus gach réimse cleachtais ealaíon, agus cuirfear fáilte roimh iarratais ó eagraíochtaí agus ó dhaoine aonair.
Tabhair faoi deara: Ní mór d'iarratasóirí a bhíonn ag déanamh iarratais a thaispeáint go mbaineann a dtogra le comhoibriú agus/nó comhpháirtíocht ina n-áirítear torthaí poiblí nó torthaí a théann chun leasa ealaíontóirí eile a sheachadadh.
Do chuid faisnéise rannpháirtíochta a ullmhú
Tá treoir bhreise maidir le faisnéis rannpháirtíochta a ullmhú do d’iarratas ar fáil inár gcuid nua ar rannpháirtíocht an phobail lena n-áirítear sainmhínithe, uirlisí agus acmhainní le tacú leat.
Tacaíochtaí
Rochtana
Má tá
tú faoi mhíchumas agus dá mba mhaith leat cúnamh chun iarratas a dhéanamh, déan
teagmháil lenár nOifigeach Rochtana a luaithe agus is féidir roimh an
spriocdháta.
Guthán:
Ríomhphost: access@artscouncil.ie
Beidh
tú in ann iarratas a dhéanamh ar chostais bhreise má tá riachtanais rochtana
agat a bhaineann le d’iarratas.
Tabhair
faoi deara: ní ghlacfar le hiarratais ach
amháin trí Shuíomh
Gréasáin na Seirbhísí ar Líne de chuid na Comhairle
Ealaíon. Murar úsáid tú Seirbhísí ar Líne cheana ní mór duit clárú le haghaidh
logáil isteach le bheith in ann iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú. Tá sé
tábhachtach go ndéanfaidh tú iarratas a luaithe agus is féidir go bharr go
bhféadfadh sé suas le cúig lá oibre a thógáil sula bpróiseálfar do chlárúchán.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na treoirlínte atá ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar tacaíochta éigeantach nach mór dul le d’iarratas. D’fhéadfaimis teimpléad a chur ar fáil don ábhar tacaíochta. Más ea, is féidir leat é a íoslódáil ón rannóg ábhar tacaíochta ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan d’ábhair thacaíochta a uaslódáil i bhfoirm leictreonach in éineacht le d’fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe cheana féin, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne chomh luath roimh an spriocdháta agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá a bheith i gceist chun do chlárú ar seirbhísí ar líne a phróiseáil.
Cabhair fós uait?
Liosta de cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne.
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú