Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 06 Márta 2025 |
---|
Suim a dámhadh | €16,500 |
---|
Foirm ealaíne | Ealaín Áitiúil Áite agus Poiblí, Féilte, Ionaid tionóil |
---|
Cineál lucht éisteachta | Grúpa, Eagraíocht, Údarás áitiúil, , |
---|
Comhoibriú | Yes |
---|
Teagmhálaí | Eimear Kelleher |
---|
ríomhphoist | Eimear.Kelleher@artscouncil.ie |
---|
Dearadh Oíche Chultúir Dhéanach chun tacú le himeachtaí a gcuirfear tús leo i ndiaidh 9 p.m. agus a leanfaidh ar aghaidh go déanach san oíche ar Oíche Chultúir, Dé hAoine an 19 Meán Fómhair 2025. Cuirtear an dámhachtain seo ar fáil i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán faoin Tascfhórsa um Geilleagar Oíche chun níos mó éagsúlachta a chur ar fáil dá gcuid eispéireas Oíche Chultúir mall san oíche. Is éard atá i gceist leis an dámhachtain ná príomhimeachtaí ealaíon níos ionchuimsithí agus nuálaí a bheidh ar siúl déanach san oíche agus a bheidh feiliúnach do réimse cineálacha lucht féachana. Ba cheart go meallfadh imeachtaí lucht féachana mór éagsúil agus go gcuirfí níos mó éagsúlachta ar fáil dá n-eispéireas Oíche Chultúir go déanach san oíche.
Tá bunús na scéime daingnithe sna beartais atá leagtha síos i straitéis deich mbliana na Comhairle Ealaíon (2016–25), Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh: Forbairt na nEalaíon in Éirinn a Threorú (féach anseo: http://www.artscouncil.ie/ga/straiteis-na-comhairle-ealaion/) agus i dTuarascáil an Tascfhórsa um Gheilleagar Oíche (féach anseo: https://www.gov.ie/en/publication/c1ba7-report-of-the-night-time-economy-taskforce/) de chuid na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
Tacóidh an dámhachtain:
Snáithe 1: Príomhimeachtaí Oíche Chultúir Dhéanach
Tacóidh Snáithe 1 le príomhimeachtaí déanach san oíche a bheidh nuálach agus ar mhórscála, a thosóidh i ndiaidh 9 pm, agus a mbeidh áit iontu do os cionn 500 duine. Ní mór go mbeadh an príomhiarratasóir ina oifig ealaíon de chuid údarás áitiúil, ionad ealaíon, eagraíocht ealaíon, féile ealaíon nó ina chomhlacht léiriúcháin.
Ní mór iarratais a dhéanamh i gcomhpháirtíocht agus ní mór baint a bheith ag oifig ealaíon de chuid údarás áitiúil leo, mar phríomhiarratasóir nó mar chomhpháirtí tionscadail.
Ní fhéadfaidh gach oifig ealaíon de chuid ealaíon údarás áitiúil ach iarratas amháin a chur isteach mar phríomhiarratasóir nó mar chomhpháirtí tacaíochta faoi Shnáithe 1.
Sa bhliain 2025, meastar go mbronnfar suas le hocht ndámhachtain faoi Shnáithe 1.
Snáithe 2: Imeachtaí Oíche Chultúir Dhéanach
Tacóidh Snáithe 2 le himeachtaí déanach san oíche a chuirfidh eispéireas uathúil ar fáil don lucht féachana, a thosóidh i ndiaidh 9 pm, agus a mbeidh áit iontu do os cionn 200 duine. Ní mór go mbeadh an príomhiarratasóir ina oifig ealaíon de chuid údarás áitiúil, ionad ealaíon, eagraíocht ealaíon, féile ealaíon nó ina chomhlacht léiriúcháin.
Ní mór iarratais a dhéanamh i gcomhpháirtíocht agus ní mór baint a bheith ag oifig ealaíon de chuid údarás áitiúil leo, mar phríomhiarratasóir nó mar chomhpháirtí tionscadail.
Ní fhéadfaidh gach oifig ealaíon de chuid údarás áitiúil ach iarratas amháin a chur isteach mar phríomhiarratasóir faoi Shnáithe 2.
Sa bhliain 2025, meastar go mbronnfar suas le deich ndámhachtain faoi Shnáithe 2.
Is é an spriocdháta 5.30pm, Déardaoin, an 6 Márta 2025
Le haghaidh aon fhiosrúcháin eile, seol ríomhphost chuig
Eimear.Kelleher@artscouncil.ie
Clinic faisnéise
Beidh Clinic Faisnéise Oíche Chultúir Déanach 2025 ar an Déardaoin 6 Feabhra ó 10.30am - 12 (meán lae).
Tacaíochtaí
Rochtana
Má tá
tú faoi mhíchumas agus dá mba mhaith leat cúnamh chun iarratas a dhéanamh, déan
teagmháil lenár nOifigeach Rochtana a luaithe agus is féidir roimh an
spriocdháta.
Guthán:
Ríomhphost: access@artscouncil.ie
Beidh
tú in ann iarratas a dhéanamh ar chostais bhreise má tá riachtanais rochtana
agat a bhaineann le d’iarratas.
Tabhair
faoi deara: ní ghlacfar le hiarratais ach
amháin trí Shuíomh
Gréasáin na Seirbhísí ar Líne de chuid na Comhairle
Ealaíon. Murar úsáid tú Seirbhísí ar Líne cheana ní mór duit clárú le haghaidh
logáil isteach le bheith in ann iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú. Tá sé
tábhachtach go ndéanfaidh tú iarratas a luaithe agus is féidir go bharr go
bhféadfadh sé suas le cúig lá oibre a thógáil sula bpróiseálfar do chlárúchán.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na treoirlínte atá ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar tacaíochta éigeantach nach mór dul le d’iarratas. D’fhéadfaimis teimpléad a chur ar fáil don ábhar tacaíochta. Más ea, is féidir leat é a íoslódáil ón rannóg ábhar tacaíochta ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan d’ábhair thacaíochta a uaslódáil i bhfoirm leictreonach in éineacht le d’fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe cheana féin, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne chomh luath roimh an spriocdháta agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá a bheith i gceist chun do chlárú ar seirbhísí ar líne a phróiseáil.
Cabhair fós uait?
Liosta de cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne.
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú