Spriocdháta | 17:30, Dé Luain 25 Márta 2013 |
---|
Suim a dámhadh | €360,000 |
---|
Foirm ealaíne | Ceoldráma |
---|
Cineál lucht éisteachta | Gach |
---|
Comhoibriú | Yes |
---|
Teagmhálaí | Aine Kelly |
---|
Teileafón | 01 618 0254 |
---|
ríomhphoist | aine.kelly@artscouncil.ie |
---|
Cuspóir agus tosaíochtaí na dámhachtana
Bunaíodh an
dámhachtain chun tacaíocht a thabhairt maidir le léiriúcháin ceoldráma a
dhéanamh agus a léiriú le linn 2013, ag teacht le beartas foilsithe na
Comhairle Ealaíon maidir leis an gceoldrámaíocht.
Féadfaidh iarratasóirí tacaíocht a lorg chun ceoldráma a léiriú ar scálaí éagsúla, amhail:
- Ceoldráma príomhscála lena chur i láthair do lucht féachana in ionaid níos mó
- Ceoldráma mionscála nó meánscála, lena chur i láthair do lucht féachana in ionaid bheaga nó in ionaid mheánacha.
Dírítear
an dámhachtain ar chur chuige comhoibritheach a spreagadh maidir le
léiriúchán ceoldráma bunaithe ar chomhpháirtíochtaí idir ealaíontóirí,
léiritheoirí agus láithreoirí. Tagraíonn an téarma ‘léiritheoirí’ anseo
d’ealaíontóirí do dhaoine aonair nó deagraíochtaí a bhfuil taithí
shuntasach acu maidir le ceoldráma a léiriú agus tagraítear leis an
téarma ‘láithreoirí’ d’ionaid, d’fhéilte nó do rudaí eile. Breithneofar
tograí ina lorgóidh maoiniú chun ceoldráma a chur i láthair i suíomhanna
ón láthair nach gnáthshuíomhanna iad, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar
na critéir leo. Is é cuspóir na dámhachtana cineálacha nua cur chuige a
spreagadh maidir le saothair cheoldrámaíochta a chur i láthair do lucht
féachana.
Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh?
Tá an
dámhachtain ar oscailt d’eagraíochtaí, do ghrúpaí agus do dhaoine aonair
a oibríonn i gcomhpháirtíochtaí comhoibritheacha. Beidh iarratasóirí a
fhaigheann maoiniú ón gComhairle Ealaíon tríd na cláir deontais
Eagraíochtaí a Mhaoinítear go Rialta / Maoiniú Bliantúil / Deontais le
haghaidh Clár Bliantúil incháilithe chun iarratas a dhéanamh, ar an
gcoinníoll gur léir go bhfuil an ghníomhaíocht a bhfuil maoiniú á lorg
di anuas ar ghníomhaíocht a fhaigheann tacaíocht ó aon chistí eile arna
soláthar ag an gComhairle Ealaíon, agus comhlántach go sonrach ar an
ngníomhaíocht sin.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na treoirlínte atá ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar tacaíochta éigeantach nach mór dul le d’iarratas. D’fhéadfaimis teimpléad a chur ar fáil don ábhar tacaíochta. Más ea, is féidir leat é a íoslódáil ón rannóg ábhar tacaíochta ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan d’ábhair thacaíochta a uaslódáil i bhfoirm leictreonach in éineacht le d’fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe cheana féin, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne chomh luath roimh an spriocdháta agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá a bheith i gceist chun do chlárú ar seirbhísí ar líne a phróiseáil.
Cabhair fós uait?
Liosta de cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne.
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú