Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 04 Aibreán 2024 |
---|
Suim a dámhadh | €40,000 |
---|
Foirm ealaíne | Daoine óga páistí agus na healaíona |
---|
Cineál lucht éisteachta | Ealaíontóir aonair, Eagraíocht |
---|
Teagmhálaí | Eimear Harte |
---|
ríomhphoist | YPCE@artscouncil.ie |
---|
Is
é an cuspóir atá ag Scéim na nEalaíon sa Luathfhoghlaim agus i gCúram Leanaí
2024 deiseanna a chur ar fáil do leanaí agus do pháistí óga chun iniúchadh a
dhéanamh ar na healaíona agus sásamh a bhaint astu le tacaíocht ó na
healaíontóirí, oideoirí luathbhlianta, le cleachtóirí ar aois scoile, le
teaghlaigh agus le cúramóirí. Tabharfar tús áite do thionscadail a chuireann
deiseanna fiúntacha ar fáil do leanaí agus do pháistí óga iniúchadh a dhéanamh
ar na healaíona agus páirt a ghlacadh iontu; agus ina tacaítear leis na
healaíontóirí, leis na hoideoirí luathbhlianta chun comhoibriú lena chéile,
foghlaim a chomhroinnt, agus a n‑inniúlacht a fhorbairt sa réimse seo. Ba
cheart go gcuimseofaí leis na tograí cur chuige tomhaiste air maidir le
doiciméadacht, measúnú agus machnamh, agus ba cheart go mbeadh siad in ann
eolas a dhéanamh do chleachtas níos leithne.
Tá
trí shnáithe i Scéim na nEalaíon sa Luathfhoghlaim agus i gCúram Leanaí
2024.
Snáithe 1: Luathfhoghlaim agus Cúram Leanaí
Tacaíonn
an snáithe seo le comhpháirtíochtaí idir ealaíontóirí/eagrais ealaíne agus
luathfhoghlaim agus cúram cláraithe ag Tusla (LFC) agus/nó seirbhísí cúraim
leanaí ar aois scoile (CLAS). Áirítear an méid seo a leanas leis na seirbhísí
incháilithe: seirbhísí pobail agus príobháideacha, seirbhísí LFC, seirbhísí LFC
agus CLAS le chéile, agus seirbhísí CLAS neamhspleácha.
Snáithe 2: Cosaint Idirnáisiúnta (breith–páistí atá 6
bliana d'aois)
Tacaíonn
an snáithe seo le comhpháirtíochtaí idir ealaíontóirí/eagrais ealaíne agus leis
na daoine atá ag obair le páistí ón Úcráin agus le daoine eile a raibh tionchar
ag an gcogadh, ag díláithriú agus caillteanas orthu. Ba cheart go mbeadh na
tograí dírithe ar chleachtas a bhfuil tráma mar bhonn eolais faoi. Is féidir
éascaíocht a dhéanamh do na tionscadail laistigh de na seisiúin Fan agus Imir
áitiúla, laistigh de na grúpaí tuismitheora agus lapadáin nó in áiteanna eile a
thacaíonn le páistí na hÚcráine agus le páistí eile atá ag lorg cosaint
idirnáisiúnta ó bhreith go dtí 6 bliana d’aois.
Snáithe 3: Comhthéacsanna Measctha
Ba
cheart duit iarratas a dhéanamh ar an snáithe seo má áirítear le do thogra
seirbhísí a chomhlíonann riachtanais Shnáithe 1 agus seirbhísí eile a
chomhlíonann riachtanais Shnáithe 2.
Tacaíochtaí
Rochtana
Má tá
tú faoi mhíchumas agus dá mba mhaith leat cúnamh chun iarratas a dhéanamh, déan
teagmháil lenár nOifigeach Rochtana a luaithe agus is féidir roimh an
spriocdháta.
Guthán:
Ríomhphost: access@artscouncil.ie
Beidh
tú in ann iarratas a dhéanamh ar chostais bhreise má tá riachtanais rochtana
agat a bhaineann le d’iarratas.
Tabhair
faoi deara: ní ghlacfar le hiarratais ach
amháin trí Shuíomh
Gréasáin na Seirbhísí ar Líne de chuid na Comhairle
Ealaíon. Murar úsáid tú Seirbhísí ar Líne cheana ní mór duit clárú le haghaidh
logáil isteach le bheith in ann iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú. Tá sé
tábhachtach go ndéanfaidh tú iarratas a luaithe agus is féidir go bharr go
bhféadfadh sé suas le cúig lá oibre a thógáil sula bpróiseálfar do chlárúchán.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na treoirlínte atá ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar tacaíochta éigeantach nach mór dul le d’iarratas. D’fhéadfaimis teimpléad a chur ar fáil don ábhar tacaíochta. Más ea, is féidir leat é a íoslódáil ón rannóg ábhar tacaíochta ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan d’ábhair thacaíochta a uaslódáil i bhfoirm leictreonach in éineacht le d’fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe cheana féin, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne chomh luath roimh an spriocdháta agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá a bheith i gceist chun do chlárú ar seirbhísí ar líne a phróiseáil.
Cabhair fós uait?
Liosta de cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne.
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú