Tá an scéim seo á maoiniú ag an gComhairle Ealaíon agus á bainistiú ag Create, an ghníomhaireacht náisiúnta forbartha um ealaíona comhoibríocha. Tabhair faoi deara go bhféadfadh coinníollacha agus critéir eile a bheith ag baint leis an dámhachtain seo seachas na cinn a bhaineann le dámhachtainí atá á riaradh go díreach ag an gComhairle Ealaíon.
Cur síos
Dhá uair in aghaidh na bliana, cuireann an Chomhairle Ealaíon deontais ar fáil ionas go mbeidh ealaíontóirí agus pobail áite/spéise in ann dul i mbun oibre le chéile ar thionscadail.
Ní mór d’iarrthóirí a bheith ag obair mar ealaíontóirí i gceann ar bith de na foirmeacha ealaíne seo a leanas: ailtireacht, sorcas, sráidealaíon agus seónna, damhsa/rince, scannán, litríocht (i nGaeilge nó i mBéarla), ceol, ceoldrámaíocht, téatar, na hamharcealaíona agus ealaíona traidisiúnta. Is féidir na tionscadail a reáchtáil i réimse leathan comhthéacsanna sóisialta agus pobail, e.g. na healaíona agus an tsláinte; na healaíona agus míchumas; na healaíona agus daoine scothaosta; na healaíona agus an éagsúlacht chultúrtha.
Is é aidhm na scéime AIC comhoibriú bríoch a spreagadh idir pobail áite agus/nó spéise agus ealaíontóirí. Tá sé riachtanach go mbeadh comhphlé idir an t-ealaíontóir agus an pobal, sa chaoi is go mbeidh an dá dhream páirteach sa chinneadh maidir leis an gcineál tionscadail a bheidh i gceist. Ba cheart gur faoin ngrúpa a bheadh gach céim den phróiseas agus den saothar ealaíne.
Tuilleadh faisnéise
Tabhair cuairt ar rannán Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal ag www.create-ireland.ie le haghaidh sonraí.
Chun faisnéis a fháil faoi gach snáithe, faoi theorainneacha maoinithe agus faoin gcaoi le hiarratas a dhéanamh, téigh i dteagmháil le support@create-ireland.ie nó glaoigh ar 01 473 66 00.