Arna feidhmiú agÉigse Éireann
Déanann an Chomhairle Ealaíon cómhaoiniú ar an scéim seo ach is agÉigse Éireann a riarann í. Tabhair faoi ndeara go bhféadfadh coinníollacha agus critéir eile a bheith ag baint leis an dámhachtain seo seachas na cinn a bhaineann le dámhachtana atá á riaradh go díreach ag an gComhairle Ealaíon. Ba chóir iarratais ar eolas nó foirmeacha iarratais a sheoladh go díreach chuig agÉigse Éireann.
Cur síos
Tá sé mar aidhm ag Scéim na Scríbhneoirí sna Scoileanna an rannpháirtí a chumasú tríd eachtra atá draíochtach agus a mhairfidh i gcuimhne a thabhairt isteach sa seomra ranga ag baint úsáide as an bhfuinneamh samhlaíoch, mothúchánach agus intleachtach agus creideamh i dteanga.
Soláthraíonn Scéim na Scríbhneoirí sna Scoileanna páirtchistiú do chuairteanna ó scríbhneoirí agus scéalaithe ag scoileanna ar fud Poblacht na hÉireann. Tá rogha de os cionn 250 scríbhneoir agus scéalaí ann in Eolaire Gréasáin na Scéime Scríbhneoirí sna Scoileanna (WIS). Is é €304 an tsuim is mó a dámhtar in aghaidh na cuairte.
Is féidir le Scoileanna (bunscoileanna agus meánscoileanna) agus ionaid Ógtheagmhála maoiniú a lorg faoin scéim seo.
Le tuilleadh eolais, féach le do thoil ar an gcuid oideachais de shuíomh Éigse Éireann, www.poetryireland.ie.
Spriocdháta
Dada. Glacfar le hiarratais ar bhonn atrátha.
Sonraí teagmhála
Scéim na Scríbhneoirí sna Scoileanna
Éigse Éireann 2 Lána an Phrútaigh (cois Faiche Stiabhna)
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil: +353 1 475 8601
Facs: +353 1 478 0205
Ríomhphost: writersinschools@poetryireland.ie
Gréasán: www.poetryireland.ie/education
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na treoirlínte atá ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar tacaíochta éigeantach nach mór dul le d’iarratas. D’fhéadfaimis teimpléad a chur ar fáil don ábhar tacaíochta. Más ea, is féidir leat é a íoslódáil ón rannóg ábhar tacaíochta ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan d’ábhair thacaíochta a uaslódáil i bhfoirm leictreonach in éineacht le d’fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe cheana féin, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne chomh luath roimh an spriocdháta agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá a bheith i gceist chun do chlárú ar seirbhísí ar líne a phróiseáil.
Cabhair fós uait?
Liosta de cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne.
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú