Spriocdháta | 17:00, Dé hAoine 21 Feabhra 2025 |
---|
Suim a dámhadh | €135,000 |
---|
Foirm ealaíne | Scannán |
---|
Cineál lucht éisteachta | Gach |
---|
Áisínteacht sheachtrach | TG4 |
---|
Suíomh gréasáin | https://ecomm.tg4.ie/ |
---|
ilDÁNA 2025
Tá ríméad ar TG4 agus ar an
gComhairle Ealaíon séasúr nua ilDÁNA 2025 a fhógairt.
Leanann ilDÁNA ag cur le
sceideal TG4 agus saothar amharclanna trí thacú le déanamh fadscannán
uaillmhianach faisnéise Gaeilge ar na healaíona.
Sa séasúr
seo, ba mhaith linn suas le dhá fhad scannán shuntasacha faisnéise a mhaoiniú,
le buiséad suas le €135,000
an ceann. Is é an rún atá againn ná go dtabharfaidh ceann de na scannáin
faisnéise glór faoi leith don ionchuimsitheacht agus don ilchineálacht sna
healaíona agus go mbeidh daoine nua agus daoine nach gcloistear go minic uathu
páirteach go gníomhach ann.
Fad a fháilteofar roimh iarratais a bhaineann le réimse ealaíne nó
cleachtas ealaíne ar bith, ba mhaith linn fáilte ar leith a chur roimh
iarratais trína bhfiosrófar foirmeacha ealaíne nach minic a gcuirtear faoi
chaibidil iad i gcláracha faisnéise ealaíon i nGaeilge.
Ní mór iarratais a dhéanamh
chuig TG4 ar an gcóras iarratais ar líne tráth nach déanaí ná 17:00, Dé hAoine, 21 Feabhra 2025.
Treoirlínte
ilDÁNA 2025:
- Déanfar cur síos
beacht cruthaitheach ar an ábhar ealaíon atá i gceist sna scannáin arna
gcoimisiúnú do ilDÁNA.
- Déanfar tograí
maidir le disciplín ealaíne nó réimse cleachtais ar bith a bhreithniú.
- Tabharfar tosaíocht
d'ábhair chomhaimseartha ach d'fhéadfadh go mbreithneofaí freisin léiriú comhaimseartha
ar shaothair/ábhair stairiúla.
- Déanfar suas le dhá scannán a mhaoiniú agus
cuirfear buiséad suas le €135,000 an ceann ar fáil.
Seolfar iad le taispeáintí ar leith sa phictiúrlann agus beidh tréimhse sa
phictiúrlann i gceist sula gcraolfar iad le linn príomh-ama do lucht féachana
TG4 in 2026.
- Is é an rún atá
againn ná go dtabharfaidh ceann de na scannáin faisnéise glór faoi leith don
ionchuimsitheacht agus don ilchineálacht sna healaíona agus go mbeidh daoine
nua agus daoine nach gcloistear go minic uathu páirteach go gníomhach ann.
- TG4 a dhéanfaidh
próiseas coimisiúnaithe scannáin ilDÁNA a riar.
Eiseoidh TG4 an comhaontú coimisiúnaithe caighdeánach.
- Ionadaithe ó TG4, ón
gComhairle Ealaíon agus measúnóir neamhspleách a dhéanfaidh an roghnú faoi
scéim ilDÁNA.
Iarratais
Ní mór iarratais a dhéanamh ar
chóras eCoimisiúnaithe TG4 tráth nach déanaí ná 17:00 Dé hAoine, 21 Feabhra
2025.. Ní ghlacfar le
hiarratais neamhiomlána ná déanacha.
- Fad an scannáin: Scannán fada
suas le 90’ arf had.
- Formáid HD agus fotheidil Bhéarla air
- Teanga: Gaeilge nó dátheangach
Ní mór na nithe seo a leanas a
bheith san áireamh in iarratais ar ilDÁNA:
- Foirm
choimisiúnaithe chomhlánaithe ilDÁNA.
- Léiriú
mionsonraithe ar an togra.
- Cur síos ar an
gcur chuige cruthaitheach atá beartaithe.
- Straitéis
taispeántais ina n-aithnítear lucht féachana náisiúnta teilifíse an
scannáin móide aon phlean a bheadh ann do thaispeántas amharclainne (féile
scannán/pictiúrlann) más infheidhme.
- Buiséad
léiriúcháin mionsonraithe agus achoimre buiséid (cead ceoil agus ábhair,
ábhar insoláthartha agus margaíochta san áireamh) – tá fáil ar theimpléid
ar láithreán gréasáin TG4.
- CVanna na
foirne cruthaithí a bheidh páirteach sa togra, an stiúrthóir, léiritheoir,
scríbhneoir agus eagarthóir san áireamh.
- Fianaise ar
úinéireacht, cóipeanna de gach réamhchonradh agus comhaontú scríbhneoirí
san áireamh, maidir leis an scéal agus an script, más infheidhme.
- Deimhniú i
scríbhinn i bhfoirm imréitigh agus ceada, más infheidhme, go bhfuil an
príomhphearsa is údar don scannán toilteanach a bheith páirteach.
- Trí
shliocht/shampla d'obair an stiúrthóra (ní spól taispeána) chun bonn
eolais a chur faoin togra.
- Aon ábhar
tacaíochta ábhartha eile chun bonn eolais a chur faoi chur chuige
cruthaitheach an togra.
Déanann TG4 agus An Chomhairle
Ealaíon:
- fostaíocht
lucht déanta scannán a bhíonn ag obair trí Ghaeilge a spreagadh.
- Comhionannas
inscne ó thaobh rannpháirtíochta agus an phearsanra léiriúcháin araon a
chur chun cinn.
- Coinníollacha
agus luach saothair cóir a éileamh d'ealaíontóirí a bhfuil baint acu le
déanamh scannáin ilDÁNA.
Roghnú
Roghnófar scannáin ilDÁNA bunaithe ar:
- fhís chruthaitheach
an iarratasóra agus a chur chuige/a cur chuige cruthaitheach i leith an ábhair
bheartaithe.
- indéantacht an togra
i gcomhthéacs chuspóirí ilDÁNA.
- a bhfuil déanta go
dtí seo ag an iarratasóir.
- a mhéid a chuireann
an togra comhionannas inscne chun cinn ó thaobh rannpháirtíochta agus an
phearsanra léiriúcháin.
- a mhéid a dtugann
ceann den dá thogra atá le roghnú glór faoi leith don ionchuimsitheacht agus
don ilchineálacht sna healaíona agus a mhéid a bhfuil páirt ghníomhach ag
daoine nua agus daoine nach gcloistear go minic uathu ann.
- D'fhéadfadh maoiniú
breise (suas le €10K in aghaidh gach tionscadal a n-éireoidh leis) a
bheith ar fáil chun tacú le scannáin a thaispeáint sa phictiúrlann sa chás go
moltar straitéis láidir taispeántais ar chur i gcrích na scannán.
TG4 a dhéanfaidh an
dámhachtain. Beidh feidhm le comhaontú
coimisiúnaithe caighdeánach TG4. Táthar ag súil go mbeidh na tionscadail tugtha
chun críche agus ar fáil lena gcraoladh ar TG4 in 2026.
Caithfear
na hiarratais a chur isteach go leictreonach. Mura bhfuil an comhlacht
cláraithe, caithfear clárú ar dtús ar an suíomh eCoimisiúin
https://ecomm.tg4.ie, agus an t-iarratas a uaslódáil roimh an sprioc-am tríd
an rogha, ‘ilDÁNA 2025’, ón roghchlár anuas. Tiocfaidh
admháil chugat go leictreonach go huathoibríoch. Ní ghlacfar le hiarratais tar
éis an sprioc-ama agus caithfidh na comhlachtaí iad féin déanamh cinnte gur
seachadadh na hiarratais.
Tuilleadh
eolais
Ní mór
d'iarratasóirí gach oibleagáid reachtúil iomchuí a chomhlíonadh.
Beidh
gach conradh ag brath ar Dheimhniú Imréitigh Cánach ó na Coimisinéirí Ioncaim a
chur ar fáil.
Ní mór
d'iarratasóirí a thuiscint go bhféadfaí an fhaisnéis a chuirtear ar fáil a
nochtadh don phobal faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
Ní ann
do chomhaontú nó go mbeidh conradh foirmiúil sínithe thar ceann TG4. Is leis an
léiritheoir a bheidh cóipcheart ar an scannán.