Túseagraíocht | West Cork Music |
---|
Dataí | 28 Meitheamh 2013 |
---|
Contae | Corcaigh |
Tá Féile Cheoil Aireagail Iarthar Chorcaí ar cheann de na príomhfhéilte ceoil aireagail san Eoraip agus glacann na ensembles agus na haonréadaithe Éireannacha agus idirnáisiúnta is fearr páirt inti. Bhí sé de nós riamh anall ag an bhféile seo breathnú amach i dtreo na hEorpa maidir lena rogha repertoire, agus ealaíontóirí na hÉireann a chur i láthair i gcomhthéacs idirnáisiúnta.
Cuimseofar 37 ceolchoirm, 21 máistir-rang agus 7 n-agallamh a chuirfidh ealaíontóirí ar thaibheoirí as an Úcráin, an Ungáir, an Fhionlainn, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Spáinn agus as Éirinn san Fhéile naoi lá i mí an Mheithimh 2013, a bheidh ar siúl i dTeach Bheanntraí agus i Séipéal Naomh Breandán, Beanntraí, Contae Chorcaí. Beidh saothar as an Rómáin, an Ungáir, an Eastóin, an Ghearmáin, an Ostair agus an chéad taibhiú de shaothar John Kinsella na hÉireann i gcéad cheolchoirm na féile.
Tuilleadh eolais
www.westcorkmusic.ie