Túseagraíocht | Institiúid Scannán na Éireann (IFI) |
---|
Dataí | Feabhra-Meitheamh 2013 |
---|
Contae | Ar fud na tíre |
---|
Comhpháirthithe | Beidh an clár scannán seo á óstáil ag comhpháirtithe comhoibríocha ar fud na tíre i scoileanna, in ionaid ealaíon agus i leabharlanna. |
Clár scannán ar camchuairt is ea Ireland in Europe ina dtaispeánfar scannáin ó bhailiúcháin i gCartlann Scannán na hÉireann do scoileanna agus don phobal in Éirinn i rith thréimhse Uachtaránacht na hÉireann ar an AE.
Áirítear scannáin atá déanta ag scannánóirí ó Éirinn agus ón Eoraip leis an gclár, agus léireofar pointí tábhachtacha in éabhlóid an chaidrimh idir Éire agus ár comharsana san Eoraip. Tá an clár deartha chun díospóireacht a spreagadh maidir le tuairimí faoi Éirinn san Eoraip, tionchar na n eisimirceach Éireannach ar fud na hEorpa, agus, mar mhalairt air sin, tionchar chultúr agus gheilleagar na hEorpa ar Éirinn ár linne. Beidh leabhrán ag dul leis an gclár.
Tuilleadh eolais
www.ifi.ie