Túseagraíocht | Damhsa Éireann |
---|
Dataí | 28 Eanáir-2 Feabhra 2013 |
---|
Contae | Baile átha Cliath |
---|
Comhpháirthithe | Modul-dance, E-Motional Bodies & Cities agus comhpháirtithe tionscadail malartuithe Idirnáisiúnta Ealaíontóirí |
Is séasúr speisialta de thaibhithe damhsa nua ag an Project Arts Centre agus ag Amharclann na Mainistreach atá in Made in Dublin, an chéad imeacht i mbliain comórtha 21 bliain Damhsa Éireann. Chruthaigh nó d’fhorbair ealaíontóirí náisiúnta agus idirnáisiúnta na taibhithe go léir in DanceHouse le sé bliana anuas.
Díríonn Made in Dublin go hiomlán ar an nglúin atá ag teacht chun cinn de lucht déanta damhsa na hEorpa. Clár seachtaine is ea é de sheónna damhsa lánfhada, sleachta agus ‘amharc tosaigh’ ó ealaíontóirí ó naoi dtír Eorpacha, lena n-áirítear Éire. Chomh maith leis na taibhithe beo, cuireann Damhsa Éireann sraith scannán damhsa in aisce ar siúl i gCearnóg Theach an Tionóil agus imeachtaí lae ar siúl in DanceHouse.
Tuilleadh eolais
www.danceirland.ie