Túseagraíocht | Temple Bar Gallery + Studios |
---|
Dataí | 11 Aibreán-8 Meitheamh 2013 |
---|
Contae | Baile átha Cliath |
---|
Comhpháirthithe | Cláir Ealaíontóra Chónaithe HIAP Heilsincí (an Fhionlainn) |
Coimisiúnóidh agus léireoidh Gailearaí + Stiúideonna Bharra an Teampaill the Proposal, saothar nua le Séamus Nolan. Forbairt is ea é sin ar shaothar Nolan ar an téama Daoine Gan Stát, go sonrach i dtaca le himirce san AE, a rinne sé agus é ag glacadh páirte i gclár Idirnáisiúnta HIAP-Heilsincí d’ealaíontóirí cónaithe, atá á reáchtáil i gcomhpháirt le Gailearaí + Stiúideonna Bharra an Teampaill.
Déanfar scrúdú in The Proposal ar na smaointe sin i gcomhthéacs Éireannach, agus tabharfar freagairt ann ar cheisteanna maidir le freagracht stát na hÉireann maidir le cúram leanaí. Feiceann Nolan go raibh na leanaí a fuair bás faoi chúram in institiúid mar leanaí gan stát go bunúsach, nach raibh na tairbhí cosanta a bhaineann le saoránacht acu. Moltar sa tionscadal go bhféadfaí onóir a thabhairt do dhuine de na leanaí seo a fuair bás trí Uachtaránacht na hÉireann a bhronnadh air ar feadh lá amháin.
Áirítear leis an tionscadal díospóireacht phoiblí le Taru Elfving, Stiúrthóir Tionscadal ag HIAP, Séamus Nolan, ealaíontóir, agus Rayne Booth, coimeádaí, chun féachaint ar a ábhartha is atá na téamaí in The Proposal ar bhonn áitiúil agus ar bhonn Eorpach.
Tuilleadh eolais
www.templebargallery.com