Túseagraíocht | Cairde na Cruite |
---|
Dataí | 30 Meitheamh 2013 |
---|
Contae | Lú |
Léireoidh Cairde na Cruite Ceolchoirm Gala chun a bhFéile bhliantúil Cruite na hÉireann, An Chúirt Chruitireachta a sheoladh, a bheidh ar siúl sa Ghrianán i dTearmann Feichín. Léireofar comhoibriú sa cheolchoirm seo idir cruitirí ó Albain, ón mBreatain Bheag, ón Danmhairg agus ó Éirinn, mar aon le príomhsheinnteoirí Éireannacha eile.
Déanfar comparáid agus codarsnacht sa chomhoibriú ar na stíleanna éagsúla a bhaineann le seinm cruitire, aschuir cheoil agus stíleanna idir seinnteoirí an-éagsúil ó chúlraí éagsúla, a rinne a gcleachtas a mhúnlú trí iliomad tionchair chultúir éagsúla.
Sonrófar deireadh Uachtaránacht na hÉireann leis an gceolchoirm iontach sin agus déanfaidh sé comóradh ar thús turais iontach do rannpháirtithe agus lucht éisteachta/lucht féachana féilte. Chomh maith lena chlár uathúil ceolchoirmeacha ina seinntear an chruit agus an cnagadh le chéile, cuireann an fhéile fáilte roimh chruitirí ó gach caighdeán idir ardseinnteoirí go dtí foghlaimeoirí ó thús chun páirt a ghlacadh i gceardlanna arna dtreorú ag sainteagascóirí na féile.
Tuilleadh eolais
www.cairdenacruite.com