Túseagraíocht | Seirbhís ealaíona Shligigh |
---|
Dataí | Eanáir-Meitheamh 2013 |
---|
Contae | Sligeach |
---|
Comhpháirthithe | Kids’ Own publishing partnership (Sligeach); Sally Stuudio (An Eastóin); The Ludwig museum (An Ungáir); The Model (Sligeach). |
Tá sé d’aidhm ag an tionscadal seo líonra ealaíontóirí a fhorbairt a oibríonn le leanaí agus le daoine óga i Sligeach, in Tallinn agus i mBúdaipeist.
Tríd an líonra seo, is é an aidhm cleachtas ealaíon a roinnt agus a cheiliúradh ar fud na hÉireann, na hEastóine agus na hUngáire agus taighde a dhéanamh ar riachtanais ealaíontóirí ó thaobh nascacht na hEorpa agus tacaí ar líne de. Tosóidh an tionscadal le deireadh seachtaine cónaitheach d’ealaíontóirí i Sligeach in Eanáir 2013, agus thar thréimhse sé mhí, beidh sraith imeachtaí ar líne agus cruinnithe moil áitiúil ar siúl le healaíontóirí ag glacadh páirte ann ón trí thír a bheidh rannpháirteach. Beidh imeachtaí sárthaispeántais réigiúnacha i ngach tír i Meitheamh 2013, rud a chuirfidh chríoch leis an tionscadal, agus rachfar i dteagmháil leis an bpobal níos leithne agus le líonra Practice.ie.
Tuilleadh eolais