Túseagraíocht | Ceol na nÓg Sligeach |
---|
Dataí | 26 Eanáir 2013 |
---|
Contae | Baile átha Cliath |
---|
Comhpháirthithe | Féile Thraidisiúnta Bharra an Teampaill |
Beidh an chéadléiriú i mBaile Átha Cliath de shraith saothar 2011 Michael Rooney á sheinm in Ardeaglais Chríost ag ceolfhoireann 60 uirlis de cheoltóirí Éireannacha agus Gailíseacha agus rinceoirí Éireannacha agus Spáinneacha.
Insítear scéal an Chaptaein Francisco De Cuellar sa De Cuellar Suite. Bhí sé ar an líon beag daoine a tháinig slán ó thrí long de chuid na hArmáide a chuaigh go tóin poill gar do Thrá na Srithidí i gContae Shligigh in 1588. Leantar scéal na hArmáide ón Spáinn go dtí cathanna cabhlaigh Mhuir nIocht agus a dturas contúirteach ó thuaidh timpeall ar Albain agus Éirinn. Ba iad na heachtraí a bhain le De Cuellar agus é ag streachailt leis chun teacht slán ar a bhealach ón tSrithideach trí thuaisceart Shligigh agus Liatroim agus a éalú ar deireadh chuig Ísiltír na Spáinne a bhí mar inspioráid ag go leor de na saothair ina dtugtar traidisiún ceoil na hÉireann agus na Gailíse le chéile.
Tuilleadh eolais
www.templebartrad.com