Téacs Amháin / Dathanna Ardchodarsnachta
Tá leagan téacs amháin, ardchodarsnachta den suíomh seo ar fáil trí chliceáil ar an nasc "Téacs Amháin" sa chúinne uachtarach ar dheis an tsuímh ghréasáin seo. Taispeántar téacs ar an leagan seo ach ní taispeántar íomhánna, grafaicí ná grianghraif (seachas lógó na Comhairle Ealaíon).
Tá scéim dathanna dhifriúil ar an suíomh gréasáin seo freisin: cúlra dubh agus téacs buí agus gorm éadrom.
Tabhair do d’aire: Ní mór duit JavaScript a chumasú chun an leagan seo a ghníomhachtú.
Nascleanúint
Tá a lán gnéithe sa suíomh gréasáin seo chun cuidiú le húsáideoirí atá faoi mhíchumas nascleanúint a dhéanamh go héasca. Ina measc siúd tá aicearraí méarchláir i gcomhair gach príomhnasc agus naisc speisialta lena gcuirtear ar chumas úsáideoirí léim thar bharraí nascleanúna go dtí an chéad mhír eile.
Is iad seo a leanas na heochracha rochtana ar an suíomh gréasáin seo:
- s = Léim thar an Nascleanúint
- 0 = Inrochtaineacht
- 1 = Baile
- 2 = Aicearra chuig an mbosca cuardaigh
- 3 = Mapa an tsuímh
- 9 = Téigh i dteagmháil linn
De ghnáth brúitear na heochracha thuas i gcomhar le heochracha eile cosúil le ALT nó CTRL agus ansin 'Return'. Féach ar dhoiciméadúchán do bhrabhsálaí gréasáin le haghaidh tuilleadh sonraí.
Ceannteidil agus Marcáil
Tá an t-ábhar scríofa agus formáidithe ionas go mbeidh sé éasca é a léamh. Mar shampla:
- tarraingíonn na ceannteidil aird ar na stráicí téacs, m.sh. úsáidtear clibeanna H1 le haghaidh na príomhtheideal agus clibeanna H2 le haghaidh na fotheideal agus araile.
- úsáidtear téacs a bhfuil brí leis sna naisc
- is féidir foirmeacha a nascleanúint agus úsáid á baint as an eochair TAB.
- Tá tréithe 'lipéad' agus ‘aitheantóir’ ag na réimsí foirme den chuid is mó chun an réimse foirme a chomhcheangal lena lipéad ionas go mbeidh sé éasca sonraí a iontráil.
- Áirítear clibeanna tuairisciúla le gach íomhá ar an suíomh seo.
- Baintear úsáid as achoimrí tábla agus cealla ceanntásca sna táblaí.
Clómhéid
Is féidir an chlómhéid a úsáidtear sa suíomh gréasáin seo a mhéadú nó a laghdú trí úsáid a bhaint as socruithe do bhrabhsálaí. Féach ar dhoiciméadúchán do bhrabhsálaí gréasáin le haghaidh tuilleadh sonraí.
Stílbhileoga agus Leagan Amach
Úsáidtear Stílbhileoga Cascáideacha (CSS) sa suíomh gréasáin seo chun feabhas a chur ar an leagan amach agus ar an gcur i láthair. Más rud é nach dtacaíonn do bhrabhsálaí le stílbhileoga, is féidir an t-ábhar atá ar gach leathanach den suíomh seo a léamh mar sin féin agus beidh a struchtúr soiléir.
Seachnaímid úsáid táblaí ar mhaithe le leagan amach a oiread agus is féidir.
Javascript
Úsáidtear JavaScript ar an suíomh a laghad agus is féidir. Má tá JavaScript díchumasaithe, tá áis eile curtha ar fáil agus beidh gach leathanach inrochtana go fóill.