Trína straitéis, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta do dhálaí maireachtála agus oibre ealaíontóirí a fheabhsú.
Agus an beartas seo á fhoilsiú – Luach Saothair don Ealaíontóir – tógaimid ar an tiomantas sin trí fhís agus plean a leagan amach chun athrú a chruthú thar an tréimhse 2020 – 2022.
Déanaimid iarracht timpeallacht a chruthú inar féidir le healaíontóirí saothar barr feabhais a dhéanamh ina léirítear uaillmhian agus ina bhfaighidh siad luach saothair cuí.
Cuirtear in iúl sa bheartas seo ár dtiomantas agus ár seasamh i dtéarmaí croíluachanna. Cuirtear sraith prionsabal don chleachtas is fearr ar fáil ann ar cheart dóibh siúd ar fad a oibríonn sna healaíona a bheith ag dréim leo. Maítear ann ár n-ionchais dóibh siúd a mhaoinímid, a n-oibrímid leo agus dúinn féin. Deirtear ann céard a dhéanaimid trí shraith gníomhartha a leagan amach a dtabharfaimid fúthu i réimsí na taighde, na ngníomhaíochtaí forbartha, riachtanais a bhaineann le maoiniú agus abhcóideacht.
Plean Forfheidhmithe - Athbhreithnithe agus Nuashonraithe 2024
Seoladh an Polasaí ‘Luach Saothair don Ealaíontóir’ i mí Feabhra 2020. Áiríodh Plean Forfheidhmithe ann a leag gníomhartha agus torthaí inmhianta amach thar na blianta 2020 – 2022.
Rinneadh an Plean Forfheidhmithe a athbhreithniú agus a nuashonrú don tréimhse 2024 – 2025.
Íoslódáil an Plean Forfheidhmithe athbhreithnithe nuashonraithe anseo.
Tá ár gcáipéis maidir leis an Ráiteas Cleachtais ina dtugtar achoimre ar an méid a íocaimid le healaíontóirí as rannpháirtíochtaí éagsúla agus cláir shonracha de chuid na Comhairle Ealaíon nuashonraithe freisin.
Íoslódáil an Ráiteas Cleachtais athbhreithnithe nuashonraithe anseo.
Cáipéisíocht Eile
Liosta d’eagraíochtaí ionadaíocha agus acmhainne