Faoi láthair tá conradh buan spreagúil lánaimseartha againn ag Grád Ardoifigeach Feidhmiúcháin (HEO) do Bainisteoir Beartais Phoiblí agus Abhcóideachta.
Forbhreathnú ar an Roinn agus ar Ról:
Is é an ról atá aici ná ionadaíocht a dhéanamh, infheistíocht a dhéanamh, agus obair i gcomhpháirt le heagraíochtaí eile, le timpeallacht ealaíon spleodrach a chruthú i gcroílár shochaí na hÉireann.
Tá deis spreagúil i ndiaidh teacht chun cinn inár Rannóg Cumarsáide.
Ba mhaith leisan gComhairle Ealaíon Bainisteoir Beartais Phoiblí agus Abhcóideachta a earcú atá ardspreagtha agus a bhfuil ardtaithí aige/aici. Tá ról reachtúil ag an gComhairle Ealaíon maidir le Ranna Rialtais a chur ar an eolas agus comhairle a chur orthu agus leis an ról nua seo, cinnteofar go mbainfear úsáid as an bhfianaise agus na léargais a bhailíonn foirne beartais, taighde agus ealaíon na Comhairle Ealaíon le comhairle agus eolas a sholáthar ar fud an rialtais agus le bheith mar bhonn taca ag rannpháirtíocht níos leithe ag páirtithe leasmhara.
Gairmí abhcóideachta a bhfuil taithí aige/aici a bheidh san iarratasóir rathúil. Cuirfidh siad an fheidhm nua seo ar bun agus beidh siad freagrach as clár abhcóideachta na Comhairle Ealaíon agus as a plean oibre abhcóideachta a sholáthar.
Leis an ról seo, tabharfar aird faoi leith ar bheartas spásúlachta na heagraíochta, Áit, Spás agus Daoine, atá bunaithe ar ár straitéis deich mbliana, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh. Cuireann sé cur chuige ‘bunaithe ar dhaoine agus ar áiteanna’ chun cinn maidir le forbairt na n-ealaíon mar aon le prionsabal an chothromais shochspásúil trína bhfuil ‘an deis ag gach duine na healaíona agus cultúr a chruthú, dul i ngleic leo, páirt a ghlacadh iontu agus taitneamh a bhaint astu, beag beann ar cé hiad féin, cá bhfuil siad ina gcónaí nó cén obair atá acu’.
Is é an spriocdháta a ghlacfar le hiarratais ná 12 meán lae Dé Luain 2 Nollaig 2024.
Tá eolas breise le fáil sa dá dhoiciméad thíos:
Tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta do bheartas comhdheiseanna agus spreagaimid iarratais ó gach cuid den phobal faoi na deich bhforas uile a leagtar amach inár mBeartas um Comhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht (chun tuilleadh faisnéise a fháil, gabh chuig: Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht | The Arts Council | An Chomhairle Ealaíon)