Is í an Chomhairle Ealaíon gníomhaireacht Rialtas na hÉireann le haghaidh na healaíona a fhorbairt. Oibrímid i gcomhpháirtíocht le healaíontóirí agus le hoibrithe ealaíon, le heagraíochtaí ealaíon, le lucht déanta beartas poiblí agus le comhpháirtithe
eile chun áit lárnach a chruthú do na healaíona i saol na hÉireann. Tá seachtó duine ar ár bhfoireann bhuan oibre againn faoi láthair agus tá pleananna uaillmhianacha againn chun cur lenár mbonn foirne buaine thar thréimhse na 6-12 mhí atá le teacht.
Tá deis bhuan, lánaimseartha den scoth againn faoi láthair le haghaidh Bainisteoir Seachadta Clár.
Tá an Roinn Forbartha Straitéisí sa Chomhairle Ealaíon ar thús cadhnaíochta maidir lenár straitéis, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh, chomh maith le beartais ábhartha chorparáideacha a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus a luacháil. Tacaíonn an Roinn
leis an bhfoireann chun an straitéis a chur ar fáil agus cuspóirí beartais a ailíniú trí chuir chuige dea-chleachtais a bhunú maidir le forbairt beartais ar bhonn taighde agus fianaise.
Beidh an bainisteoir um sheachadadh cláir freagrach as cláir shaothair a eagrú chun tacú le seachadadh na mbeartas corparáideach. Ar dtús, díreoidh an ról ar na beartais nua a bhaineann le gníomhú ar son na haeráide agus leis na healaíona digiteacha a
théann i ngleic le tírdhreach na n-ealaíon atá ag athrú agus muid ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin atá ann de dheasca na géarchéime aeráide agus ag baint leas as an ról digiteach dearfach atá an teicneolaíocht dhigiteach in ann a ghlacadh as seo
amach.
Is é an spriocdháta a ghlacfar le hiarratais ná 12.00
meán lae Luain, 17 Deireadh Fómhair 2022
Tá eolas breise le fáil sa dá dhoiciméad thíos:
Tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta do bheartas comhdheiseanna
agus spreagaimid iarratais ó gach cuid den phobal faoi na deich bhforas uile a
leagtar amach inár mBeartas um Chomhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht
(chun tuilleadh faisnéise a fháil, gabh chuig:
https://www.artscouncil.ie/ga/Maidir/Comhionannas,-Cearta-an-Duine-agus-eagsulacht/