Faoi láthair tá conradh buan spreagúil lánaimseartha againn ag Grád Ardoifigeach Feidhmiúcháin (HEO) do Bainisteoir TF – Líonra agus Bonneagar.
Forbhreathnú ar an Roinn agus ar Ról:
Caithfidh an té a cheapfar sa ról cinnte a dhéanamh de go n-úsáidtear gach gné d’fhoireann uirlisí fiontraíochta na Comhairle Ealaíon, agus go dtacaítear leo, de réir an dea-chleachtais agus go ndéantar iad a nuashonrú/a ionadú de réir mar a athraíonn an tionscal.
Ba cheart go gcoinneodh an t-iarrthóir a n-éireoidh leis/léi súil ar threochtaí tionscail. Thairis sin, beidh deis aige/aici na seirbhísí atá ann faoi láthair a mhúnlú agus a fhorbairt de réir mar a thagann teicneolaíochtaí úra ar an bhfód.
- Tacaíocht úsáideora deiridh agus moltaí i dtaobh oiliúna a dhéanamh;
- Foireann a bhainistiú;
- Oibreoidh Bainisteoir TF (Líonra agus Bonneagar) i ndlúthchomhar leis na piaraí eile, le baill foirne agus leis an bhfoireann maidir le hábhair ábhartha a bhaineann le tacaíocht feidhmchlár agus slándáil faisnéise go háirithe.
Is é an spriocdháta a ghlacfar le hiarratais ná 12.00 meán lae, Dé Luain 12ú Lúnasa 2024.
Tá eolas breise le fáil sa dá dhoiciméad thíos:
Tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta do bheartas comhdheiseanna agus spreagaimid iarratais ó gach cuid den phobal faoi na deich bhforas uile a leagtar amach inár mBeartas um Comhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht (chun tuilleadh faisnéise a fháil, gabh chuig: Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht | The Arts Council | An Chomhairle Ealaíon)