Faoi láthair tá conradh buan spreagúil lánaimseartha againn ag Grád Ardoifigeach Feidhmiúcháin (HEO) do Bainisteoir Tacaíochta Iarratas (Amharclannaíocht).
Forbhreathnú ar an Roinn agus ar Ról:
Cumhdaítear raon leathan ealaíontóirí agus eagraíochtaí, agus lucht féachana fairsing dá réir sin, i bhfreagracht na Comhairle Ealaíon laistigh de réimse na foirme ealaíne/an chleachtais ealaíon. Mar an maoinitheoir is mó do réimse na foirme ealaíne/an chleachtais ealaíon go náisiúnta, tá freagracht ríthábhachtach ar an gComhairle Ealaíon le cinntiú go ndéanfar é a fhorbairt agus go n-infheisteofar maoiniú go ciallmhar agus go ndéanfar monatóireacht ar an infheistíocht sin.
Is deis spreagúil atá le fáil sa phost seo le rannchuidiú i mbainistíocht ceann amháin d’Fhoirne Ealaíon na Comhairle. Tháinig an post seo chun cinn mar gheall ar shocruithe oibre a athraíodh. Teastaíonn daoine breise atá oilte agus eolach chun tacú leis an bhfoireann mar méadaíodh tacaíochtaí forbartha, scéimeanna maoinithe agus buiséid na Comhairle Ealaíon. Tá an fhoireann freagrach as ceapadh beartais, tionscnaimh forbartha, bainisteoireacht maoinithe agus comhghaoil.
Ag oibriú go dlúth le Ceann buan na Foirne, déanfaidh an Bainisteoir Tacaíochta Iarratas líon sonraithe measúnuithe maoinithe agus deontais a bhainistiú, lena n-áirítear bainisteoireacht theoranta comhghaoil sa réimse ealaíne/cleachtais; an fhoireann Ealaíon a spreagadh agus comhoibriú leo; séala a chur le roinnt íocaíochtaí dámhachtana agus maoirseacht a dhéanamh ar na híocaíochtaí sin.
Beidh sealbhóir an phoist freagrach don Stiúrthóir Taibhealaíon agus beidh sé ina chomhpháirtí ag Ceann na Foirne ina fhreagrachtaí éagsúla, i mbainistíocht na foirne agus ball foirne eile chun tionscadail thraseagraíochtúla ar leith a chur chun feidhme d’fhonn cuspóirí na straitéise deich mbliana Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh a bhaint amach.
Is é an spriocdháta a ghlacfar le hiarratais ná 12.00 meán lae, Dé Luain 9ú Nollaig 2024.
Tá eolas breise le fáil sa dá dhoiciméad thíos:
Tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta do bheartas comhdheiseanna agus spreagaimid iarratais ó gach cuid den phobal faoi na deich bhforas uile a leagtar amach inár mBeartas um Comhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht (chun tuilleadh faisnéise a fháil, gabh chuig: Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht | The Arts Council | An Chomhairle Ealaíon).