Faoi láthair tá conradh buan spreagúil lánaimseartha againn ag Grád Ardoifigeach Feidhmiúcháin (HEO) do Bainisteoir um Sheachadadh Seirbhíse TFC.
Oibríonn beagán os cionn 100 duine leis an gComhairle Ealaíon in aon suíomh amháin i gCearnóg Mhuirfean i mBaile Átha Cliath. Is comhlacht neamhspleách í an Chomhairle Ealaíon, a bunaíodh in 1951 chun cleachtadh na n-ealaíon a spreagadh agus spéis, eolas agus léirthuiscint i leith na n-ealaíon a spreagadh i measc an phobail. Is muidne príomhghníomhaireacht stát na hÉireann maidir le maoiniú na n-ealaíon, agus comhairle a chur ar an Rialtas faoi ghnóthaí ealaíne. Le haghaidh tuilleadh eolais ar obair na Comhairle téigh chuig Baile | An Chomhairle Ealaíon | The Arts Council.
Is é an spriocdháta a ghlacfar le hiarratais ná 12.00 meán lae, Déardaoin 11 Iúil 2024.
Tá eolas breise le fáil
sa dá dhoiciméad thíos:
Tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta do bheartas comhdheiseanna agus spreagaimid iarratais ó gach cuid den phobal faoi na deich bhforas uile a leagtar amach inár mBeartas um Comhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht (chun tuilleadh faisnéise a fháil, gabh chuig: Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht | The Arts Council | An Chomhairle Ealaíon)