Is ailtire agus oideoir é Andrew Clancy.
Bhain sé céim amach ó UCD in 2001 agus bhunaigh sé Clancy Moore Architects in
éineacht le Colm Moore in 2008. Chuir sé PhD trí chleachtas i gcríoch le RMIT
in 2017.
Tar éis dó obair a dhéanamh in Ollscoil
na Banríona, Béal Feirste, agus tar éis dó a bheith ina Ollamh ar Cuairt i
Scoil Ailtireachta Aarhus, ceapadh é mar lán-ollamh le hailtireacht i Scoil
Ealaíon Kingston in 2016.
Baineann a chuid taighde le modhanna
cleachtais chriticiúil sa lá atá inniu ann, agus leis an obair a dhéanann sé
agus an taighde agus na nuálaíochtaí oideolaíocha a stiúrann sé sa saol
acadúil. Is é an aidhm atá aige ná modh comhráiteach, a ghabhann iolracht
iomlán na dteorainneacha suibiachtúla, teagmhasacha agus suite a fheidhmíonn sa
chleachtas, a chur chun cinn. Mar gheall ar an obair sin vótáladh Clancy Moore
Architects mar bhuaiteoir Young Architect of the Year in 2018, fuair siad
Gradam Peter Davey in 2019 agus fuair siad bonn AAI Downes.
Féachann sé ar an ról atá aige leis an
gComhairle Ealaíon mar bhealach chun tacú le saibhreas iomlán an chleachtais
ailtireachta agus na n‑ealaíon eile.